An difríocht idir athruithe ar: "Sruth na Maoile"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 8:
Is é Trinse Beaufort an chuid is doimhne den tSruth, trinse atá 30 míle ar fad, 2 mhíle de leithead agus 700–1,000 troigh de dhoimhneacht. I dTuaisceart Éireann, is í [[An Bhinn Bhán]] an pointe is faide siar de Shruth na Maoile ar chósta thuaidh [[Contae Aontroma|Chontae Aontroma]] agus is é [[Ceann Baile Chuintín]] an pointe is faide ó dheas ar chósta thoir [[Contae an Dúin|Chontae an Dúin]]. In Albain, is é [[Port na h-Abhainn|Port na hAbhann]], atá lonnaithe ar oileán [[Ìle|Íle]] sna h[[Na hOileáin Istigh|Oileáin Istigh]], an pointe is faide ó thuaidh den tSruth agus is é [[Maol nan Gall|Maol na nGall]], atá suite ar [[na Rannaibh]], an pointe is faide ó dheas. Is [[oileánra]] iad [[Na Maighdeanacha]] (nó Na Faoilinn) atá suite ar Shruth na Maoile 13 mhíle soir ó thuaidh amach ó [[Latharna]]. Is oileán beag é [[Creag Ealasaid]] i g[[Caolas Chluaidh]] 10 míle siar amach ó [[Inbhir Gharbhain]]. Is oileán é [[Sandaigh]] atá suite 1.7 míle ó dheas amach ó chaisleán [[Dún Abhartaigh|Dhún Abhartaigh]] atá suite taobh amuigh de [[Ceann mu Dheas|Cheann mu Dheas]]. Is oileánra iad [[Oileáin Chóplainn]] atá suite míle amháin soir amach ó [[Domhnach Daoi|Dhomhnach Daoi]].
 
[[Íomhá:Torr Head and Mull of Kintyre in distance. - geograph.org.uk - 642733.jpg|deasclé|250px|thumb|An radharc ar Shruth na Maoile soir ó thuaidh ó Thorr i dtreo Mhaol Cheann Tíre]]
Bhíodh [[foghlaí mara]] gnóthach go leor sa tSruth agus iad ag ionsaí long Briotanach go dtí tús na naoú haoise déag. In 1778, i gcaitheamh [[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá|Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá]], tharla comhrac cabhlaigh idir [[Meiriceánaigh]], darbh ainm John Paul Jones, ar bord an ''USS'' ''Ranger'' agus ''HMS'' ''Drake'' de chuid an [[An Cabhlach Ríoga|Chabhlaigh Ríoga]], a raibh George Burdon mar chaptaen uirthi. Ba éan chéad rath do na Poncánaigh san [[An tAigéan Atlantach|Atlantach]], agus ba bheag nárbh é an t-aon uair ar éirigh leo ar muir in éagmais an lámh in uachtar a bheith acu i dtaobh líon na saighdiúirí agus na n-arm. Eachtra amháin ab é i sraith eachtaí le linn [[Cogadh Saoirse Mheiriceá|Chogadh Saoirse Mheireceá]] a tharla faoi stiúir Jones a raibh sé mar chuspóir aige an ruaig ar na [[Briotanaigh]] in uiscí na [[An Bhreatain|Breataine Móire]].