An difríocht idir athruithe ar: "An Frith-Dhomhan"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard atá i gceist leis an bh'''Frith-Dhomhan''' nó ''Antichthon'' ná pláinéad samhailteach atá ag dul timpeall na Gréine ar an taobh eile den Ghrian, ionas nach féidir linn radharc a fháil air. Cuid de theoiricí áirithe cosmeolaíochta ab ea an Frith-Dhomhan i saol na seanársaíochta, ach is é an tuiscint atá ag réalteolaithe an lae inniu ar an bhFrith-Dhomhan ná nach féidir a leithéid a bheith ann, nó dhá mbeadh, rachadh imtharraingt an ph...'
(No difference)

Leagan ó 04:48, 14 Meán Fómhair 2021

Is éard atá i gceist leis an bhFrith-DhomhanAntichthon ná pláinéad samhailteach atá ag dul timpeall na Gréine ar an taobh eile den Ghrian, ionas nach féidir linn radharc a fháil air. Cuid de theoiricí áirithe cosmeolaíochta ab ea an Frith-Dhomhan i saol na seanársaíochta, ach is é an tuiscint atá ag réalteolaithe an lae inniu ar an bhFrith-Dhomhan ná nach féidir a leithéid a bheith ann, nó dhá mbeadh, rachadh imtharraingt an phláinéid seo i bhfeidhm ar na reanna neimhe eile, fiú dá mbeadh sé dofheicthe ón Domhan.

Ba iad na fealsúna nádúrtha sean-Ghréagacha Píteágarás agus Philolaos a mhol go mbeadh a leithéid de phláinéad ann sa tsamhail den ollchruinne a bhí acu. Ceannródaithe ab ea iad toisc nár chuir siad an Domhan i lár na hollchruinne, ach shíl siad go raibh an Domhan, an Frith-Dhomhan agus an Ghrian araon ag timpeallú na Tine Láir, agus nach raibh i solas na Gréine ach frithchaitheamh na tine seo.