An difríocht idir athruithe ar: "An Frith-Dhomhan"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá i gceist leis an bh'''Frith-Dhomhan''' nó ''Antichthon'' ná pláinéad samhailteach atá ag dul timpeall na Gréine ar an taobh eile den Ghrian, ionas nach féidir linn radharc a fháil air. Cuid de theoiricí áirithe cosmeolaíochta ab ea an Frith-Dhomhan i saol na seanársaíochta, ach is é an tuiscint atá ag réalteolaithe an lae inniu ar an bhFrith-Dhomhan ná nach féidir a leithéid a bheith ann, nó dhá mbeadh, rachadh imtharraingt an phláinéid seo i bhfeidhm ar na reanna neimhe eile, fiú dá mbeadh sé dofheicthe ón Domhan.
 
Ba iad na fealsúna nádúrtha sean-Ghréagacha Píteágarás agus Philolaos a mhol go mbeadh a leithéid de phláinéad ann sa tsamhail den ollchruinne a bhí acu. Ceannródaithe ab ea iad toisc nár chuir siad an Domhan i lár na hollchruinne, ach shíl siad go raibh an Domhan, an Frith-Dhomhan agus an Ghrian araon ag timpeallú na Tine Láir, mar a thug siad ar an tine a shíl siad a bheith suite i lár na hollchruinne, agus nach raibh i solas na Gréine ach frithchaitheamh na tine seo.
 
Lenár linn féin chasfaí smaoineamh an Fhrith-Dhomhain ort san fhicsean eolaíochta. Is dócha gurb é an scannán úd ón mbliain 1969, ''Doppelgänger'' nó ''The Journey to the Far Side of the Sun'', an saothar is clúití atá bunaithe ar an móitíf seo.