An difríocht idir athruithe ar: "Murchadh Ó Cuindlis"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}} Scríobhaí [[Éire]]annach ba ea '''Murchadh Riabhach Ó Cuindlis''' (fl. 1398 – 1418). Níl bliain a bhreithe ná bliain a bháis ar eolas againn. Is léir áfach go raibh sé ag obair mar scríobhaí idir na blianta 1398 agus 1418.
 
Meastar gur i mBaile Locha Deacair gar d'[[Áth Liag]] i ndeisceart [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] a saolaíodh é: is ann a bhí “ferann ocus cuit Uí Chuinnlis". Mac léinn ag [[Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh]] ba ea é. Chabhraigh sé le Giolla Íosa agus [[Leabhar Mór Leacáin]] á scríobh aige siúd: tá cuid dá scríbhneoireacht ar fáil i [[Leabhar Buí Leacáin]] freisin. Scríobh sé an [[Leabhar Breac]] idir 1408 agus 1411. Chuir sé cuid mhaith dá chuid oibre i gcrích i Múscraige Thíre i g[[Contae Thiobraid Árann]], agus meastar gur chaith sé tréimhse i gCluain Lethan freisin.