An difríocht idir athruithe ar: "Dúil tearc-chré"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
Tugtar '''dúile tearc-chré''' nó '''miotail thearc-chré''' ar na [[Lantanóidigh|lantanóidigh]]. Áirítear an [[Scaindiam|scaindiam]] agus an [[Itriam|t-itriam]] leisar na dúile tearc-chré freisin, toisc go mbíonn siad le fáil sna mianraí céanna leis na lantanóidigh, agus iad cosúil leis na lantanóidigh ó thaobh na ceimice de. Le fírinne, ní bhíonn na miotail seo chomh tearc agus a thugann an t-ainm le fios, amach ón b[[próiméitiam]]. Dúil radaighníomhach é an [[Próiméitiam|próiméitiam]] a bhfuil a leathré sách gairid i dtéarmaí na geolaíochta, agus sin é an fáth go bhfuil sé chomh tearc.
 
I bpoll mianaigh in Ytterby, [[an tSualainn]], a thángthas ar mhianraí a bhí saibhir sna miotail seo an chéad uair, agus mar sin, fuair an t-itriam, an [[Teirbiam|teirbiam]], an t-[[Eirbiam|eirbiam]] agus an t-[[Itéirbiam|itéirbiam]] - ceithre mhiotal ar fad - a n-ainmneacha as an mbaile beag mianadóireachta sin.