An difríocht idir athruithe ar: "Scaindiam"

Content deleted Content added
Minorax (plé | dréachtaí)
png -> svg
No edit summary
Líne 12:
Is é an '''scaindiam''' an t-aonú [[dúil ceimiceach|dúil]] fichead i d[[tábla peiriadach na ndúl]], agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó. Tá an scaindiam ainmhithe as [[Críoch Lochlann]], nó ''Scandia'' as [[Laidin]], agus is miotal trasdultach é a bhfuil loinnir an airgid ghil ann. Go stairiúil, ba nós an scaindiam a rangú mar [[Tearcithir|thearcithir]] in éineacht leis na [[lantainídí]] agus an [[itriam]]. Ba iad [[Lars Fredrik Nilson]] agus a fhoireann a d'aithin an scaindiam mar dhúil ar leith, thiar sa bhliain 1879, nuair a bhí siad ag déanamh taighde ar shamplaí [[eoixéinít]]e agus [[gadailinít]]e ó [[Críoch Lochlann|Chríoch Lochlann]].
 
Bíonn an scaindiam ar fáil in éineacht leis na miotail tearcithreachtearc-chré eile agus leis an [[úráiniam]], ach is beag fosú atá chomh saibhir is go mbacfadh lucht mianadóireachta leis. Níor haonraíodh an scaindiam mar mhiotal roimh an mbliain 1937 (ar an speictream amháin a d'aithin Nilson é). Sna 1970idí, áfach, d'aithin na hinnealtóirí go raibh sé úsáideach scaindiam a mheascadh tríd an alúmanam, nó ar an dóigh sin, gheofaí cóimhiotal a bhí an-oiriúnach do dhéantús na n-eitleán. Mar sin féin, ní bhaintear mórán leasa as an scaindiam inniu féin, ós rud é go bhfuil sé costasach scaindiam a aonrú go miotal.
 
Níl ach aon iseatóp nádúrtha amháin ag an scaindiam, is é sin, <sup>45</sup>Sc. Is é <sup>46</sup>Sc an raidiseatóp is cobhsaí atá ag an scaindiam, ach tá [[leathré]] sách gairid aige féin, mar atá, 83.8 lá.