An difríocht idir athruithe ar: "Scaindiam"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
'''Bold text'''{{Dúil cheimiceach bosca eolais
|Ainm=Scaindiam
|Siombal=Sc
Líne 10:
}}
 
Is é an '''scaindiam''' an t-aonú [[dúil ceimiceach|dúil]] fichead i d[[tábla peiriadach na ndúl]], agus is í '''Sc''' an tsiombail cheimiceach a sheasann dó. Tá an scaindiam ainmhithe as [[Críoch Lochlann]], nó ''Scandia'' as [[Laidin]], agus is miotal trasdultach é a bhfuil loinnir an airgid ghil ann. Go stairiúil, ba nós an scaindiam a rangú mar [[Tearcithir|thearcithir]] in éineacht leis na [[lantainídí]] agus an [[itriam]]. Ba iad [[Lars Fredrik Nilson]] agus a fhoireann a d'aithin an scaindiam mar dhúil ar leith, thiar sa bhliain 1879, nuair a bhí siad ag déanamh taighde ar shamplaí [[eoixéinít]]e agus [[gadailinít]]e ó [[Críoch Lochlann|Chríoch Lochlann]].
 
Bíonn an scaindiam ar fáil in éineacht leis na miotail tearc-chré eile agus leis an [[úráiniam]], ach is beag fosú atá chomh saibhir is go mbacfadh lucht mianadóireachta leis. Níor haonraíodh an scaindiam mar mhiotal roimh an mbliain 1937 (ar an speictream amháin a d'aithin Nilson é). Sna 1970idí, áfach, d'aithin na hinnealtóirí go raibh sé úsáideach scaindiam a mheascadh tríd an alúmanam, nó ar an dóigh sin, gheofaí cóimhiotal a bhí an-oiriúnach do dhéantús na n-eitleán. Mar sin féin, ní bhaintear mórán leasa as an scaindiam inniu féin, ós rud é go bhfuil sé costasach scaindiam a aonrú go miotal.