An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad sárchlórach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é an t-'''aigéad sárchlórach''' HClO<sub>4</sub> an t-ocsaigéad is cobhsaí dá bhfuil ag an gclóirín. Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín i móilín an aigéid shárchlóraigh ná +VII. Aigéad láidir é - níos láidre fós ná an t-aigéad hiodraclórach, an t-aigéad níotrach agus an t-aigéad sulfarach. Tugtar sárchlóráití ar shalainn an aigéid seo. Bíonn na salainn seo sothuaslagtha san uisce, agus is féidir teacht orthu...'
(No difference)

Leagan ó 10:56, 19 Meán Fómhair 2021

Is é an t-aigéad sárchlórach HClO4 an t-ocsaigéad is cobhsaí dá bhfuil ag an gclóirín. Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín i móilín an aigéid shárchlóraigh ná +VII. Aigéad láidir é - níos láidre fós ná an t-aigéad hiodraclórach, an t-aigéad níotrach agus an t-aigéad sulfarach. Tugtar sárchlóráití ar shalainn an aigéid seo. Bíonn na salainn seo sothuaslagtha san uisce, agus is féidir teacht orthu sa dúlra i bhFásach Atacama sa tSile, áit a bhfuil siad measctha sna níotráití.

Murab ionann agus ocsaigéid eile an chlóirín, tá an t-aigéad sárchlórach chomh cobhsaí is gur féidir é a aonrú agus a ghlanadh. San am chéanna tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air go bhfuil an-phriacal pléasctha ag baint leis an aigéad sárchlórach. Tá sé i bhfad níos sábháilte é a thuaslagadh san uisce.