An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad sárbhrómach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é an t-'''aigéad sárbhrómach''' HBrO<sub>4</sub> an t-ocsaigéad is airde uimhir ocsaídiúcháin atá ag an mbróimín. Ar feadh i bhfad ní bhítí in ann aigéad sárbhrómach ná an t-ian sárbhrómáite BrO<sub>4</sub><sup>-</sup> a tháirgeadh ar aon nós, agus ba ghnách leis na ceimiceoirí a shíleadh nach raibh an t-aigéad seo ann ar aon nós. Sa bhliain 1968 gineadh na chéad iain sárbhrómáite i Meiriceá, ach b'éigean do na heolaithe dul i...'
(No difference)

Leagan ó 11:13, 19 Meán Fómhair 2021

Is é an t-aigéad sárbhrómach HBrO4 an t-ocsaigéad is airde uimhir ocsaídiúcháin atá ag an mbróimín. Ar feadh i bhfad ní bhítí in ann aigéad sárbhrómach ná an t-ian sárbhrómáite BrO4- a tháirgeadh ar aon nós, agus ba ghnách leis na ceimiceoirí a shíleadh nach raibh an t-aigéad seo ann ar aon nós. Sa bhliain 1968 gineadh na chéad iain sárbhrómáite i Meiriceá, ach b'éigean do na heolaithe dul i dtuilleamaí cineál ailceimice leis an éacht a chur i gcrích: go bunúsach bhí iain seiléanáite SeO42- acu agus iseatóp radaighníomhach seiléiniam i gceist, agus nuair a tháinig béite-mheath radaighníomhach ar an seiléiniam, is éard a fuarthas ná iain sárbhrómáite.

Rith modhanna oibre ní b'fhusa leis na heolaithe ina dhiaidh sin chun sárbhrómáit a tháirgeadh, agus bhí siad in ann eiseamal beag den ghlanaigéad féin a ghineadh, ach tríd is tríd tá sé thar a bheith deacair inniu féin an bróimín a ocsaídiú go +VII.