An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad sárchlórach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 18:
| EUClass = Creimneach ('''C''')
| EUIndex = 017-002-01-X
}}Is é an t-'''aigéad sárchlórach''' HClO<sub>4</sub> an t-ocsaigéad is cobhsaí dá bhfuil ag an gclóirín. Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín i móilín an aigéid shárchlóraigh ná +VII. Aigéad láidir é - níos láidre fós ná an t-[[aigéad hiodraclórach]], an t-[[aigéad níotrachnítreach]] agus an t-[[aigéad sulfarach]]. Tugtar sárchlóráití ar shalainn an aigéid seo. Bíonn na salainn seo sothuaslagtha san uisce, agus is féidir teacht orthu sa dúlra i bhFásach Atacama sa tSile, áit a bhfuil siad measctha sna níotráití.
 
Murab ionann agus ocsaigéid eile an chlóirín, tá an t-aigéad sárchlórach chomh cobhsaí is gur féidir é a aonrú agus a ghlanadh. San am chéanna tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air go bhfuil an-phriacal pléasctha ag baint leis an aigéad sárchlórach. Tá sé i bhfad níos sábháilte é a thuaslagadh san uisce ná a choinneáil i dtaisce mar ghlanleacht.