An difríocht idir athruithe ar: "Tae"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 7:
Tugtar ''scileagailí'' ar an tae rólag. Is éard is ''anglais'' ann ná meascán as uisce te agus bainne a óltar nuair nach bhfuil tae ann, ach thabharfá anglais go magúil ar thae rólag freisin.
 
Maidir le hainm an tae, fuarthas ar iasacht ón t[[Sínis]] é. Tugtar ''tea'' air as [[Béarla]], ''Tee'' as [[Gearmáinis]], ''té'' as [[Spáinnis]] agus ''tee'' as [[Fionlainnis]]. Baineann cuid mhaith teangacha (an [[Rúisis]], [[Seapáinis]] agus an Phortaingéilis, cuir i gcás) úsáid as leaganacha éagsúla an fhocail ''chai'', ach is ionann é agus ''tae'', ach amháin gur tháinig an dá fhocal seo ó chanúintí difriúla na Sínise. Sa [[Polainnis|Pholainnis]], úsáidtear an focal ''herbata'', atá bunaithe ar an téarma [[Laidin]]e a chiallaíonn luibh nó lus (cf. ''herb'' an Bhéarla).
 
Ní hé an planda tae an t-aon luibh amháin a úsáidtear le deochanna den chineál seo a ghléasadh, ar ndóigh. Ólann muintir na [[An Airgintín|hAirgintíne]] agus na dtíortha ina timpeall an deoch a dtugtar ''mate'' uirthi, agus í á hullmhú as an luibh áitiúil úd ''[[yerba mate]]''. Maidir le muintir na hAfraice Theas, bíonn siadsan ag fliuchadh duilleoga na sceiche deirge (''rooibos'') mar a bheadh tae ann. Is gnách "tae luibhe" a thabhairt ar na cineálacha seo "tae", agus le déanaí, tá an focal Gréigise ''tisane'' ag dul chun leitheadúlachta sa Bhéarla mar théarma ar insileadh luibhe ina n-úsáidtear luibh eile seachas duilleoga tae.