An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Mac Murchadha"

Content deleted Content added
+
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
Líne 4:
 
== A shaol ==
Rugadh Diarmaid Mac Murchadha sa bhliain 1110 agus toghadh é ina rí ar [[Cúige Laighean|Chúige Laighean]] nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d'aois, ach ní raibh an tArd-Rí sásta leis agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighean leis an ríocht a bhaint de. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh sa bhliain [[1133]], agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta. Ach thosaigh an seanaighneas le Tighearnán Ua Ruairc arís agus chreach Diarmaid tailte Thighearnáin sa bhliain [[1152]]. Chuaigh Bean Uí Ruairc abhaile le rí caithréimeach Laighean agus lean an t-aighneas ar aghaidh mar gheall air sin. Díbríodh Diarmaid i [[1166]], agus theith sé chun na Breataine. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air agus thug sé saighdiúirí Normannacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais. D'éirigh go seoigh leis na saighdiúirí [[Normannaigh|Normannacha]] faoi cheannas [[Strongbow]]. Ghabhadar [[Baile Átha Cliath]] agus pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife, i d[[TúrArdeaglais RaghnaillChríost, Port Láirge|Ardeaglais Chríost]], atá suite i b[[Port Láirge]]. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Ghallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normannaigh i dtiarnas ar an b[[An Pháil|Páil]], agus ar an tír ar fad ar deireadh.
[[Íomhá:MarriageAoifeStrongbow.jpg|clé|400px|thumb|Pósadh a iníne Aoife le [[Strongbow]]]]