An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad sárchlórach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 22:
Murab ionann agus ocsaigéid eile an chlóirín, tá an t-aigéad sárchlórach chomh cobhsaí is gur féidir é a aonrú agus a ghlanadh. San am chéanna tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air go bhfuil an-phriacal pléasctha ag baint leis an aigéad sárchlórach. Tá sé i bhfad níos sábháilte é a thuaslagadh san uisce ná a choinneáil i dtaisce mar ghlanleacht.
 
Ocsaídeoir láidir é an t-aigéad sárchlórach agus é te, ach le teocht an tseomra ní dhéanann tuaslagáin an aigéid shárchlóraigh mórán ocsaídiú. Is féidir tuaslagáin an aigéid a chriostalú - aithnítear cúig hiodráit éagsúla ag an aigéad sárchlórach. Tá na hiodráití criostalaithe comhdhéanta as ian sárchlóráite ClO<sub>4</sub><sup>-</sup>, ian hiodrocsóiniam H<sub>3</sub>O<sup>+</sup> agus móilíní uisce ina dtimpeall.