An difríocht idir athruithe ar: "Justin Trudeau"

Content deleted Content added
No edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
clib: Visual edit Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 3:
 
==A luathshaol==
Rugadh Justin in Ottawa do Margaret Sinclair Trudeau agus Pierre Elliot Trudeau. Is de shliocht [[Albain|Albanach]] agus [[Ceanadaigh Fhrancacha|Francach-Cheanadach]] é. Garmhac den 6ú glúin de chuid William Farqahar, duine de lucht bhunaithe [[Singeapór|Shingeapór]] é agus tríd an líne sin tá sinsearacht [[An Mhalaeisia|MalaechMhalaech]] agus [[Sumatra|Shumatrach]] aige. Eisean an chéad phríomh-aire ar Cheanada a bhfuil sinsireacht neamh-Eorpach aige. Fhreastail Justin ar Collège Jean-de-Brébeuf i [[Montréal]]. Tá B.A. i litríocht an Bhéarla aige ó [[Ollscoil McGill]] (1994) agus BEd ó [[Ollscoil na Colóime Briotanaí]] (1998). D'oibrigh sé mar mhúinteoir in [[Vancouver]], [[an Cholóim Bhriotanach]] sular thug sé faoi staidéar na hinnealtóireachta ag École Polytechnique de Montréal agus na geograife timpeallachta ag McGill. D'éirigh sé as an gclár máistreachta ag McGill le dul leis an bpolaitíocht. Bhí príomhról aige i mionsraith teilifíse sa bhliain 2007, ''The Great War''.
 
Bhí taithí ag Justin ar an bpolaitíocht mar gheall ar a thuismitheoirí agus ní ba dhéanaí de bharr a chuid gníomhaíochta féin. Tharraing sé aird an phobail air féin nuair a thug sé an óráid ag sochraid a athar sa bhliain 2000. Toghadh é do Pharlaimint Cheanada sa bhliain mar ionadaí Papineau.