An difríocht idir athruithe ar: "Paiteagó"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
Mioncheartú: *ar* na rudaí a thagann na hathruithe. |
||
Líne 3:
Sráidbhaile beag ar an teorainn idir [[Contae Dhún na nGall|Chontae Dhún na nGall]] agus [[Contae Fhear Manach]] is ea '''Paiteagó''' (''Pettigo'' as [[Béarla]]). Tá an áit suite trasna na habhann arb í teorainn oifigiúil [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] agus [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]]. Is é an t-ainm oifigiúil atá ar an leath den tsráidbhaile ar thaobh an Tuaiscirt ná ''Tullyhommon'', is é sin Tulaigh Uí Thiomáin, ach is é an t-ainm atá ag muintir na háite uirthi ná an ''High Street'', is é sin, an tSráid Ard, ós rud é go bhfuil sí suite ar shlios an chnoic, agus radharc maith ansin ar an gcuid eile den tsráidbhaile. An chuid eile den tsráidbhaile, is é sin an tSráid Mhór, Sráid an Mhuilinn, agus Sráid an Stáisiúin, tá siad suite ar thaobh na Poblachta, agus iad ag teacht le chéile ar an Diamant i lár an tsráidbhaile. Tá eastáit nuafhorbartha tithíochta ann chomh maith ar imeall thuaidh na háite.
Ar thaobh na Poblachta, bhí 239 nduine ina gcónaí sa bhliain 2011, laghdú 41 duine (-14.6%) ó 2006. Déantar achoimre ar athruithe
{| class="wikitable"
|+
|