An difríocht idir athruithe ar: "Ailtireacht Ghotach"

Content deleted Content added
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
No edit summary
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 2:
An fhoirm [[Ailtireacht|ailtireachta]], reiligiúnda de ghnáth, a bhí forleathan in [[iarthar]] [[An Eoraip|na hEorpa]] ón [[12ú haois|12ú céad]] go dtí déanach sa [[15ú haois|15ú céad]]. Bhíodh airíonna sainiúla aici, ina measc an áirse bhiorach, an boghta iomaireach, an taca crochta, taobhanna maorga istigh, agus fairsinge uasmhéideach [[fuinneog]] le [[gloine dhaite]] shofaisticiúil. Saothraíodh cuid mhaith stíleanna éagsúla. Tháinig ailtireacht Ghotach chun cinn sa Fhrainc i lár an 12ú céad. Shroich sí Éire go luath sa 13ú céad. Is í an áirse rinneach sainchomhartha na hailtireachta Gotaí (ba í an áirse chruinn sainchomhartha na hailtireachta Rómhánúla). Mar a luadh thuas, ba í an aolchloch rogha na dtógálaithe Gotacha, cé go raibh sé níos deacra í a shnoí ná gaineamhchloch. Is iad an dá Ardeaglais i mBaile Átha Cliath, [[Ardeaglais Theampall Chríost|Ardeaglais Chríost]] agus [[Ardeaglais Phádraig]], an dá shampla tógála is fearr ón 13ú céad. Is sampla maith eile í an Ardeaglais ar [[Carraig Phádraig|Charraig Phádraig]] i gCo. Thiobraid Árann.
 
Bhí stíl níos simplí den ailtireacht Ghotach in úsáid go forleathan ar fud na hÉireann sa 15ú agus 16ú céad. Is í an áirse chíme sainchomhartha na stíle seo; d’úsáidtí an áirse chíme i gcinn fhuinneoige den chuid is mó. rith an 15ú agus 16ú céad, tógadh líon mhór eaglaisí paróiste ar fud na tíre. Tá leagan amach simplí orthu: cruth dronuilleogach, agus corp agus saingeal na heaglaise san áireamh, nó saingeal a bhí níos faide agus níos caoile ag an gceann thoir. B’annamh croslann ná pasáiste a bheith san eaglais. Tá an doras isteach gar do cheann thiar an bhalla theas. Ba mhinic go raibh lochta don sagart ag an gceann thiar - is féidir é a aithint ón bhfuinneog ard sa bhinn thiar agus ó na coirbéil chloiche a thugann tacaíocht do na maidí urláir sna taobh-bhallaí. Roinneadh an chuid istigh idir corp, ag an gceann thiar don phobal, agus saingeal ag an gceann thoir, ina raibh an altóir. Bhíodh scáthlán adhmaid mar dheighilt idir an corp agus an saingeal. Bhíodh an fhuinneog ba mhó i lár an bhalla thoir, os cionn na haltóra. {{Fréamh an Eolais}}
 
caoile ag an gceann thoir. B’annamh croslann ná pasáiste a bheith san eaglais. Tá an doras isteach gar do cheann thiar an bhalla theas. Ba mhinic go raibh lochta don sagart ag an gceann thiar - is féidir é a aithint ón bhfuinneog ard sa bhinn thiar agus ó na coirbéil chloiche a thugann tacaíocht do na maidí urláir sna taobh-bhallaí. Roinneadh an chuid istigh idir corp, ag an gceann thiar don phobal, agus saingeal ag an gceann thoir, ina raibh an altóir. Bhíodh scáthlán adhmaid mar dheighilt idir an corp agus an saingeal. Bhíodh an fhuinneog ba mhó i lár an bhalla thoir, os cionn na haltóra.{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}