An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Cadhain"

Content deleted Content added
Líne 78:
Cuireadh fáilte roimhe léachtaí a thabhairt ag Ollscoileanna timpeall na tíre. Níor tugadh cead don Chumann Seanchais agus Éigse i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe é a bheith ag caint leo ann. Luann [[Breandán Ó hEithir]] an eachtra seo ina leabhar ''Over the Bar''.
 
[[Íomhá:Máirtín Ó CadhainAerfort.jpg|mion|220px|Múrmhaisiú in ómós do Mháirtín Ó Cadhain in [[Aerfort Bhaile Átha Cliath]] (Meán Fómhair 2009) Dealraíonn sé gur baineadh an múrmhaisiú úd ó shin. Sliocht as ''Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca'' atá sa téacs.]]Amach ó ''Chré na Cille'', scríobh an Cadhnach dhá úrscéal eile nár tháinig i gcló ach i bhfad i ndiaidh a bháis, sna nóchaidí. B'iad sin ''[[Athnuachan]]'' agus ''[[Barbed Wire]]''.
 
Scríobh an Cadhnach leabhair gearrscéalta freisin, ina measc ''[[Idir Shúgradh agus Dáiríre]]'', ''[[An Braon Broghach (Cnuasach Gearrscéalta)|An Braon Broghach]]'', ''[[Cois Caoláire]]'', ''[[An tSraith dhá Tógáil]]'', ''[[An tSraith Tógtha]]'' agus ''[[An tSraith ar Lár]]''.