An difríocht idir athruithe ar: "Ceanada"

Content deleted Content added
mNo edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
clib: Visual edit Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 38:
 
[[Íomhá:Fer - Le Canada, ou Nouvelle France, la Floride, la Virginie, Pensilvanie, Caroline.png|mionsamhail|clé|"Nua-Fhrainc" i [[1703]], an stát ba mhó i Meiriceá Thuaidh san am]]
Tháinig na [[An Fhrainc|Francaigh]] go Ceanada sa bhliain [[1534]] nuair a sheol [[Jacques Cartier]] isteach san [[Abhainn St. Lawrence]]. Ar an 24 Iúil, rinne sé cros 10 méadar in airde a thógáil agus ghlac sé seilbh na [[tír]]<nowiki/>e in ainm François I, Rí na Fraince.
 
Bhunaigh na Francaigh baile den chéad uair i b[[Port Royal]] san [[Albain Nua]], sa bhliain [[1605]], aitáit a raibh Na hAcadaigh ag an am. [[Samuel de Champlain]] ab ea "Athair na Nua-Fhraince". Lean sé ar aghaidh chun [[Québec]] a thógáil freisin, [[príomhchathair]] an stáit nua.
 
Bhí sé ina chogadh ceithre huaire idir na Francaigh agus na hIndiaigh ar thaobh amháin agus na Sasanaigh ar an taobh eile idir na blianta 1689 agus 1763. I ndiaidh Chonradh Pháras sa bhliain 1763, ní raibh aon rud fágtha ag na Francaigh seachas [[Saint-Pierre-et-Miquelon]], dhá oileán amach ó Thalamh an Éisc ar leis an bhFrainc iad go dtí an lá atá inniu ann. (D’fhan na Francaigh freisin i seilbh bhruach thiar na [[Abhainn Mississippi|Mississippi]] taobh ó dheas ó Cheanada). Trí mheán Acht Québec (1774) tugadh aitheantas arís don Fhraincis, don chreideamh Chaitliceach agus do dhlí shibhialta na Fraince in Québec. Chomh maith leis sin, leathnaigh an t-acht achar Québec isteach i ngleann na h[[An Abhainn Ohio|Abhann Ohio]], rud a chuir le míshástacht na Meiriceánach sna 13 Choilíneacht a bhí cheana féin ar tí éirí amach i gcoinne smacht na mBriotanach. Le Conradh Pháras (1783), fuair na Meiriceánaigh an chríoch sin ar fad taobh ó dheas ó na [[Na Locha Móra|Locha Móra]].