An difríocht idir athruithe ar: "Ionsaithe antraisc (SAM, 2001)"
Leathanach cruthaithe le 'mion|seoladh litreacha amach ina raibh [[antrasc ann]] Tharla '''ionsaithe antraisc''' sna Stáit Aontaithe i rith an fhómhair 2001. Ar 18 Meán Fómhair 2001, seachtain amháin i ndiaidh an eachtra 9/11, seoladh litreacha amach ina raibh antrasc ann, agus an teachtaireacht, "DEATH TO AMERICA, DEATH TO ISRAEL, ALLAH IS GREAT", srl. Níos déanaí, bhí litreacha bréige eile seolta a...' |
(No difference)
|
Leagan ó 16:03, 21 Deireadh Fómhair 2021
Tharla ionsaithe antraisc sna Stáit Aontaithe i rith an fhómhair 2001. Ar 18 Meán Fómhair 2001, seachtain amháin i ndiaidh an eachtra 9/11, seoladh litreacha amach ina raibh antrasc ann, agus an teachtaireacht, "DEATH TO AMERICA, DEATH TO ISRAEL, ALLAH IS GREAT", srl. Níos déanaí, bhí litreacha bréige eile seolta ach ní raibh aon dochar ionta.
Tamall i ndiaidh 9/11, chuir scéala an antraisc scanradh ar go leor daoine sna Stáit Aontaithe ag an am. Bhíothas scanraithe mar gheall ar na litreacha le fada. Bhí Meiriceá dulta i dtaithí ar dhrochscéalta - an 11 Meán Fómhair, na hionsaithe antraisc, caint faoi ionsaithe eile sceimhlitheoireachta, agus caint faoi chogadh thar lear (san Afganastáin agus san Iaráic).[1] Chuir na meáin go mór leis an sceon lena dtuairisceoireacht éigrinn. Ba neamartach an mhaise dóibh scéalta a scaipeadh gan tabhairt le fios nach raibh iontu ach ráflaí.[2]
Seoladh litreacha eile ar an 5 agus 9 Deireadh Fómhair. Ar 21 Deireadh Fómhair 2001, bhásaigh an tríú duine sna Stáit Aontaithe de bharr na litreacha. Fuair cúigear bás in iomlán.
Eolaí san United States Army Medical Research Institute of Infectious Diseases (USAMRIID), Fort Detrick, Maryland, a bhí freagrach as na hionsaithe, is cosúil. Bruce Ivins[3] an t-ainm a bhí air agus bhí meabhairghalar air, is cosúil. Bhí an cás á fhiosrú fós sa bhliain 2008 nuair a chuir Ivins lámh ina bhás féin.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Tom Deignan (2002). "Muintir Mheiriceá ag bogadh ar aghaidh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-21.
- ↑ Barra Ó Donnabháin (2001). "D'imigh sin is tháinig seo" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-21.
- ↑ "Bruce Edwards Ivins" (as en) (2021-10-16). Wikipedia.