An difríocht idir athruithe ar: "Sintashta"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Láithreán seandálaíochta is ea '''Sintashta''' (Rúisis Синташта́) agus é suite in Chelyabinsk Oblast sa Rúis. Tá iarsmaí lonnaíochta daingnithe ann a bhaineann leis an gCré-umhaois, c. 2800-1600 RCh{{sfn|Anthony|2007|pp=374–375}} agus is é láithreán cineáil an chultúir Sintashta é. Tá Sintashta le fáil ar an steip Eoráiseach díreach soir ó Shléibhte na hÚraile. Ainmnítear an laithreán as Abhainn Sintashta, craobh-abhainn...'
(No difference)

Leagan ó 10:31, 22 Deireadh Fómhair 2021

Láithreán seandálaíochta is ea Sintashta (Rúisis Синташта́) agus é suite in Chelyabinsk Oblast sa Rúis. Tá iarsmaí lonnaíochta daingnithe ann a bhaineann leis an gCré-umhaois, c. 2800-1600 RCh[1] agus is é láithreán cineáil an chultúir Sintashta é.

Tá Sintashta le fáil ar an steip Eoráiseach díreach soir ó Shléibhte na hÚraile. Ainmnítear an laithreán as Abhainn Sintashta, craobh-abhainn de chuid an Tobol. D’athraigh srutha na habhann le himeacht aimsire agus scriosadh leath an láithreáin dá bharr; tá teach is tríocha ar marthain fós as caoga nó seasca a bhí ann roimhe seo.[2]

Bhí tithe dronuilleogacha ann agus iad leagtha amach mar fháinne a bhí 140 m trasna agus múr cré ina thimpeall a bhí daingnithe le hadhmad, túir gheata aige agus díog dhomhain laistigh ann. Ní bhfuarthas riamh roimhe sin daingnithe a bhí chomh mór leo siúd a fuarthas in Sintashta agus i lonnaíochtaí eile dá leithéid i réigiún na steipeanna. Tá fianaise ann go raibh copar agus cré-umha á ndéanamh i ngach teach a tochlaíodh in Sintashta, rud nach bhfuarthas a leithéid roimhe sin sa steip.[2] Chuaigh earraí luatha criadóireachta ón gcultúr Abashevo i bhfeidhm ar earraí criadóireachta Sintashta. [3] Is léir ó iarsmaí seandálaíochta i léaslíne a bhaineann leis an ré úd gur comhshamhlaíodh a lán treibheanna i réigiún na hÚraile, agus is dócha nár chóir Sintashta a lua le foinse Airianach amháin.[4]

Fuarthas cúig reilig ar an láithreán agus daichead uaigh sa cheann ba mhó. Bhí roinnt carbad ann – cuid de na carbaid is sine ar domhan - agus fuarthas capaill a maraíodh mar íobairt, suas le hochtar in uaigh amháin. Bhí airm chloiche, chopair agus cré-umha ann, agus ornáidí óir agus airgid.

Léiríonn dátú radacarbóin gur mhair an lonnaíocht agus na reiligí os cionn míle bliain, rud a thugann le fios go raibh lonnaíocht níos luaithe ann a bhain leis an gcultúr Poltavka. Ach baineann formhór na ndátaí leis an tréimhse 1800-2100 RCh, rud a thaispeánann achar áitrithe atá ag teacht le háiteanna eile de chuid an chultúir.

Naisc

Cultúr Iamna

Nótaí

  1. Anthony 2007, pp. 374–375.
  2. 2.0 2.1 Anthony 2007, pp. 371–375.
  3. Anthony 2007, p. 382.
  4. Elena E. Kuz'mina, The Origin of the Indo-Iranians, Volume 3, edited by J. P. Mallory, Brill NV, Leiden, 2007, lch 222

Tagairtí

  • Anthony, David W. (2007). "The Horse, the Wheel, and Language". Princeton, NJ: Princeton University Press. 

Liosta leabhar

  • Генинг, В. Ф.; Зданович, Г. Б.; Генинг, В. В. (V. F. Gening, G. B. Zdanovich, V. V. Gening): Синташта: археологические памятники арийских племен Урало-Казахстанских степей (Sintashta: archaeological sites of the Aryan tribes of the Ural-Kazakhstan Steppe) 1992, Южно-Уральское книжное изд-во (Chelyabinsk) ISBN 5-7688-0577-X