An difríocht idir athruithe ar: "Eachtra imirceach Essex (2019)"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Industrial_riverside,_Grays_-_geograph.org.uk_-_1592893.jpg|deas|250px|thumb|[[Grays]]]]
Fuarthas 39 duine marbh i leoraí i n[[Grays]], [[Essex]] ar an [[23 Deireadh Fómhair]] [[2019]]. 31 fear agus ochtar ban (déagóir amháin san áireamh) as an [[Vítneam]], imircigh go léir, a bhí sa leoraí.<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/31-fear-agus-ochtar-ban-as-an-tsin-a-fuarthas-marbh-i-leorai-essex/|teideal=31 fear agus ochtar ban as an tSín a fuarthas marbh i leoraí Essex|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2021-10-23}}</ref> I measc na mban agus na bhfear, bhí 10 déagóir, san áireamh beirt bhuachaillí 15 mbliana d'aois.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Iompróir as Co.Ard Mhaca tar éis pléadáil ciontach i ndúnorgain|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2020/0828/1161917-iomproir-as-co-ard-mhaca-tar-eis-pleadail-ciontach-i-ndunorgain/|date=2020-08-28|language=ga|author=Nuacht RTÉ}}</ref>
Fuarthas 39 coirp náisiúnaigh [[Vítneam|Vítneamach]] ar an [[23 Deireadh Fómhair]] [[2019]], i leoraí altach cuisnithe i n[[Grays]], [[Essex]]. Ceaptar go raibh [[inimirce|imircigh]] á smuigleáilte san [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] nó íospartaigh of gáinneáil ar dhaoine.
[[Íomhá:Scania R500 Refrigerated Trailer - pulls in at Clonard, Co. Meath Ireland - May 2012 (7182447138).jpg|mion|Scania R500 agus leantóir cuisniúcháin in Éirinn (sa bhliain 2012)]]
 
== Na himeachtaí ==
Sheoltaí an leantóir as an port [[Zeebrugge]], [[an Bheilg]], go [[Purfleet]], RA, agus creidtear an leoraí a tháinig as [[Tuaisceart Éireann]], ag taisteal chuig [[an Bhreatain]] ar muir as [[Baile Átha Cliath]] go [[Caergybi]].
As Éirinn a tháinig an leoraí féin trí chalafort [[Caergybi]] [Holyhead]. Tháinig tiománaí an leoraí, Mo Robinson, fear 25 bliain d’aois, as [[Port an Dúnáin]] i g[[contae Ard Mhacha]].<ref name=":0" />
 
Tháinig tréiléar an leoraí i dtír ar abhainn an Thames in Purfleet agus anall as Zeebrugge na [[An Bheilg|Beilge]].
{{síol}}
 
Bailíodh an tréiléar in Purfleet. D’fhág an leoraí agus an tréiléar cuisnithe ina raibh na daoine Purfleet ag cúig tar éis a haon maidin inné, 25 nóiméad nó mar sin sular thángthas ar na coirp in Waterglade Industrial Park i n[[Grays]], [[Essex]]. Tháinig na seirbhísí otharchairr ar na coirp sa leoraí i bpáirc tionsclaíochta ag leathuair tar éis a haon san oíche.<ref name=":0" /><ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/deanfar-aon-fhiosruchan-is-ga-faoi-leorai-inar-aimsiodh-39-corp-an-taoiseach/|teideal=Déanfar ‘aon fhiosrúchán is gá’ faoi leoraí inar aimsíodh 39 corp – An Taoiseach|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2021-10-23}}</ref>
 
Bhí an leoraí cláraithe sa Bhulgáir (cé nach raibh sé sa tír sin le roinnt blianta anuas) agus gur le bean as Éirinn é. Bhí greamán mór ar fhuinneog thosaigh an leoraí, ar de dhéanamh Scania é, a deir ‘Ireland, the ultimate dream’.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/tiomanai-an-leorai-inar-aimsiodh-39-corp-i-sasana-ainmnithe/|teideal=Tiománaí an leoraí inar aimsíodh 39 corp i Sasana ainmnithe|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2021-10-23}}</ref>
 
Dúradh go mba brioscaí a bhí á n-iompar ag an leoraí. Dúradh gur easpa ocsaigíne a ba chúis le bás na n-imirceach.
 
=== Cúrsaí airgeadais ===
Bhí suas le €15,000 an duine íoctha ag na himircigh le lucht na comcheilge.  
 
Bhí muntir na n-imirceach i [[Vítneam]] fós ag aisíoc a gcuid fiacha sa bhliain 2021.
 
== Fiosrúchán dúnmharaithe ==
Cuirtear i leith roinnt fear a bheith páirteach i smuigleáil daoine. Ar 22 Eanáir 2021, phléadáil Maurice (Mo) Robinson, tiománaí an leoraí, as [[Craigavon]], agus a shaoiste Rónán Hughes, 41 bliain, as [[Ard Mhacha]] agus as [[Tigh Thalainn|Tigh Thaláin]]<ref>{{Luaigh foilseachán|title="Ceann feadhain grúpa coirpeach é" tiománaí leoraí|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2020/0429/1135627-ceann-feadhain-grupa-coirpeach-e-tiomanai-leorai/|date=2020-04-29|language=en|author=Nuacht RTÉ}}</ref> i g[[Contae Mhuineacháin]], ciontach i ngáinneáil ar dhaoine, i sciúradh airgid agus i ndúnorgain. Gearradh téarma príosúin trí bliana déag agus ceithre mhí ar Robinson agus téarma 20 bliain ar Hughes.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Téarmaí fada príosúin gearrtha ar thriúr Éireannach|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2021/0122/1191474-tearmai-faad-priosuin-gearrtha-ar-thriur-eireannach/|date=2021-01-22|language=ga|author=Nuacht RTÉ}}</ref>
 
Ciontaíodh Éamonn Harrison, 24 bliain, as [[Contae an Dúin|Co an Dúin]], agus Gheorghe Nica, 43 bliain, as [[Basildon]], Essex, sna cúisimh chéanna. Téarma príosúin ocht mbliana déag a gearradh ar Harrison agus 27 bliain ar Nica, arbh é ceann feadhna na buíne comhcheilge é.
 
Ba é Harrison a thug an leantóir go calafort Zeebrugge sa Bheilg sular seoladh ar aghaidh go Sasana ar bhád farantóireachta é. Eiseachadadh é in Eanáir 2020.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Cead tugtha ag Ard-Chúirt tiománaí leoraí a eiseachadadh|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2020/0124/1110612-cead-tugtha-ag-ard-chuirt-tiomanai-leorai-a-eiseachadadh/|date=2020-01-24|language=en|author=Nuacht RTÉ}}</ref>
 
== Féach freisin ==
 
* Ar 18 Meitheamh 2000, thángthas ar 58 duine as an t[[An tSín|Sín]] marbh in aonad leoraí in Dover in Kent sa bhliain 2000<ref>{{Luaigh foilseachán|title=2000 Dover incident|url=https://en.wikipedia.org/w/index.php?title=2000_Dover_incident&oldid=1010931270|journal=Wikipedia|date=2021-03-08|language=en}}</ref>
* [[Géarchéim imirceach na hEorpa]]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
{{DEFAULTSORT:Basanna leorai Essex}}
[[Catagóir:Essex]]
[[Catagóir:Inimirce2019]]
[[Catagóir:Teifigh]]
[[Catagóir:Stair na Ríochta Aontaithe]]
[[Catagóir:Gáinneáil]]
[[Catagóir:Eachtraí imirceacha]]