An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Mac Aodha"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 27:
}}
[[Iomáint|Iománaí]] [[Éire|Éireannach]] ab ea é '''Mícheál Mac Aodha''' ([[12 Iúil]], [[1912]] - [[13 Meán Fómhair]] [[1982]], nó '''Mick Mackey''' mar atá aithne níos fearr air as Béarla. Tá cáil bainte amach aige ina imreoir leis an bhfoireann idir-chontae [[CLG Coiste Luimneach|Luimneach]] idir na blianta [[1930]] agus [[1946]], agus ainmnítear é i gcónaí i measc na hiománaithe is fearr riamh. Roghadh é ina leath tosaí san Fhoireann Iománaíochta na Mílaoise chomh maith.
 
==Imreoir==
Scórálaí den scoth ab ea Micheál. Ní raibh sé ach 5'9" (1.75m) ar airde ach b'fhear an-théagarta é agus d'úsáid sé cumhacht a choirp chun bhriseadh tríd an dtaca ina choinne. De bharr stíl péacach a imirt, bhain se mór-cháil amach i measc lucht tacaíochta iomána agus, dá mba rud é go raibh Micheál ag imirt lena chlub nó lena chontae, tiocfadh slua thar na ngnáth go dti an cluiche.
 
==Óige==
Rugadh é sa bhliain 1912 i mbaile Caisleán Uí gConaig, 10km soir ó chathair Luimnigh ar abhann na Sionnainne. B'athair dó Seán Mac Aodha (''John "Tyler" Mackey''), iomána idir-chontae ar bhuaigh craobh sinsear Luimnigh le Chaisleán Uí gConaig agus Bruach na Sailí sna blianta roimh tosnú [[An Céad Cogadh Domhanda|an Chéad Cogadh Domhanda]].
 
==Átháin==
Bhí foireann iontach láidir ag an gclub um an dtaca sin agus bhuadar Craobh Iomána Sinsir Luimnigh gach blian idir 1933 agus 1939 agus arís idir 1942 agus 1948. Bhuaigh Micheál féin ceithre bhonn déag an chontae.
 
==Luimneach==
D’imir sé ar fhoireann an chontae ar dtús sa bhlian 1930 nuair a bhí sé ach seacht mbliain déag d'aois. Lena chomhghuallaithe as Átháin ar nós a dheartháir Seán, [[Seán de Paor]], Pádraig Ó Scanláin, Tadhg Ó Riain, Pádraig Mac Mathúna agus Micheál Ó hIcí, ba chaptaen foirean Luimnigh é ar bhuaigh [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann|Craobh Iomána na hÉireann]] sna blainta 1934, 1936 agus 1940. Bhuaigh sé se bhonn sa Sraith Náisiúnta Iomána. D’imir sé sa gheansaí glas don uair dheireannach i mbliain 1946.
 
==Mumha==
Bhí Micheál ar fhoireann na Mumhan a bhuaigh Corn an Iarnróid faoi sé idir 1940 agus 1946. Ceaptar gurbh é sin an fhoireann ba láidre riamh i stair an iomána le laochra an chluiche ar nós Críostóir Ó Rinn, Micheál Ó Braonáin agus Seán Ó Loinsigh (Corcaigh) agus Seán Ó Catháin (Port Lairge) chomh maith lena chomh-iomreoirí Luimnigh.
 
==Peil==
Ba pheileadóir cumasach é Micheál chomh maith. D’imir sé ar fhoireann an Chontae i rith blianta na 1930í agus bhuaigh se cúig bhonn Peile Sinsir Luimnigh i nidaidh a chéile idir 1935 agus 1939. Ghnóthaigh sé bonn sóisearach na Mumhan sa bhlian 1939.
 
==I nDiaidh an Imirt==
Ba thraenálaí Luimnigh é sa bhliain 1955 nuair a bhuaigh an foireann an t-aon Craobh Sinsear na Mumhan idir 1940 agus 1973. Glaodh "Cúnna Mhic Aodha" (''Mackey's Greyhounds'' as Béarla) ar an bhfoireann sin ar chaill cluiche Leath-Cheannais na hÉireann i gcoinne [[Loch Garman]].
 
Ba theachta [[Coisde Chontae Luimnigh CLG]] é ar Chomhairle na Mumhan le blianta fada. Fuair sé bás in [[Ard na Croise]], [[Contae an Chláir]] sa bhliain 1982 in aois trí scór bliain is deich agus, cúig bhliain in a dhiaidh sin, ainmníodh Ardán Mhic Aodha i b[[Páirc na nGael]], [[Luimneach]], ina onóir.
 
{{Foireann Iománaíochta na Mílaoise}}