An difríocht idir athruithe ar: "Marcus Mac Conghail"

file Éireannach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is file, scríbhneoir agus ceoltóir é Marcus Mac Conghail atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach filíochta leis in 2014 agus bronnadh Duais Michael Hartnett air sa bhliain 2015. Is ball é den bhanna IMLÉ a bhí ann, ‘tuar dóchais do thodhchaí an cheoil nua-chumtha i nGaeilge'. Foilsíodh dánta leis in ''Poetry Ireland Review''. Tá iarracht déanta leis an tsraith raidió Meascra ardán a th...'
(No difference)

Leagan ó 19:30, 2 Samhain 2021

Is file, scríbhneoir agus ceoltóir é Marcus Mac Conghail atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach filíochta leis in 2014 agus bronnadh Duais Michael Hartnett air sa bhliain 2015. Is ball é den bhanna IMLÉ a bhí ann, ‘tuar dóchais do thodhchaí an cheoil nua-chumtha i nGaeilge'.

Foilsíodh dánta leis in Poetry Ireland Review.


Tá iarracht déanta leis an tsraith raidió Meascra ardán a thabhairt don nua-scríbhneoireacht agus ábhar siamsaíochta (agus machnamh, b’fhéidir) a chur ar fáil don éisteoir. Siad na scríbhneoirí (43 acu ar fad) faoi deara a bhfuil sa tsraith. Níor tugadh mar threoir ach píosa a chur ar fáil nach rachadh mórán thar na cúig nóiméad agus guth a chur leis ansan sa stiúideo ar ball.

Cuireadh leabhar amach faoin teideal Meascra ón Aer. Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta. Iarracht a bhí sa tsraith ardán a thabhairt don scríbhneoireacht nua agus ábhar siamsaíochta (agus machnamh, b’fhéidir) a chur ar fáil. Meascra ceart atá sa leabhar – aistí agóide, gearrscéalta, dánta, cuimhní cinn agus eile agus is iontach an réimse ábhar, stíleanna agus guthanna atá ann le 40 scríbhneoir éagsúil lena n-áirítear Caitríona Ní Chléirchín, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Biddy Jenkinson, Antain Mac Lochlainn, Réaltán Ní Leannáin, Aindrias Ó Cathasaigh, Caitlín Nic Íomhair agus Cathal Póirtéir, gan ach dornán acu a lua.