An difríocht idir athruithe ar: "Conall Mac Eochagáin"

Content deleted Content added
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
No edit summary
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
 
Ba é seo an scoláire a d’aistrigh go Béarla [[Annála Chluain Mhac Nóis]], aistriúchán a bhfuil tábhacht ag gabháil leis toisc an bunshaothar a bheith caillte.<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Diarmuid Breathnach|url=https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1357|title=MAC EOCHAGÁIN, Conall (fl. 1620 - 1640 )|coauthors=Máire Ní Mhurchú}}</ref> I dtús an 17ú haois ba nuacht a leithéid a dhéanamh. Deir D.A. Binchy gur mó d’athinsint ná d’aistriúchán é ach go dtabharfadh sé tús áite dóibh ar Annála Ríoghachta Éireann( <ref>{{Luaigh foilseachán|author=Brian Ó Cuiv|date=1971|title=Seven Centuries of Irish Learning 1000–1700, 1971 in eagar ag Brian Ó Cuiv)}}</ref>. Chuir an tAthair Donncha Ó Murchadha, C.Í. eagar ar The Annals of Clonmacnoise being annals of Ireland from the earliest period to A.D. 1408 translated into English A.D. 1627 by Conell Mageoghagan and now for the first time printed, 1896. In Irish Book Lover, Iúil-Lúnasa 1932 (‘Notes on two Mageoghegans’) tugann Pól Breathnach eolas ar stair a mhuintire agus deir gur shíolraigh siad ó Fhiacha, deartháir Laoghaire, rí na Teamhrach. Ba é Niall (a d’éag 1596) athair Chonaill, agus ba é a sheanathairsean, Connla (d’éag 1 Feabhra 1588), a bhí ina thaoiseach ar Chineál Fhiachach. Bhí an Connla seo pósta, más fíor, ar inion le Criostóir Nuinseann. Barún Dhealbhna 1560–1602. B’ionann an talamh a bhí aige agus barúntacht Mhaigh Caisil: ‘''immense property''’ a thugann Breathnach air agus deir sé: ‘''These greater estates ... all went into smoke in the Cromwellian regime.''’ I Lios Maighne, [[Contae na hIarmhí|Co. na hIarmhí]], a bhí cónaí ar Chonall. Ní léir go raibh a athair Niall ina thaoiseach ach, má bhí, is é a mhac Ros a bhí ina oidhre air.
 
''<nowiki/>'The original on which Conall Mageoghegan worked is lost. Hence all the more to be prized is his version. It is difficult to account for the anomaly described except in this way: when the great interests of the landed Irish classes were smashed by the penetration of the English, the exclusiveness which kept learning in a few families broke down, and the natural attraction of all Irish men to the records of their forbears seized Conall Mageoghegan, who by descent should have been a great landed noble, and nothing else''.’ Is dóigh le Breathnach go raibh a athair pósta le bean de mhuintir Mhic Chochláin agus is dá fhear gaoil Toirdhealbhach Mac Cochláin a d’aistrigh sé na hannála, an Cochlánach céanna úd a rinne urraíocht ar Genealogiae Regum et Sanctorum HiberniaeMhichéil Uí Chléirigh. Chuir sé críoch leis an saothar 20 Aibreán 1627 i gcaisleán [[Liath Mancháin]] in aice le Clóirtheach in Uíbh Fhailí.