An difríocht idir athruithe ar: "Sirius"
Content deleted Content added
m corr using AWB |
mNo edit summary |
||
Líne 1:
Mar sin féin, tá rún nó dúthomhas ag baint le Sirius: tá cuid mhaith foinsí stairiúla ó réalteolaithe na seanBhabalóine go dtí na [[An Mheánaois|Meánaoiseanna]] ar aon fhocal gur réalt dhearg a bhí i Sirius lena lá féin. Ní réalt dhearg atá i Sirius mar is aithin dúinn inniu í, ach réalt bhán. Fuarthas amach ins an naoú haois déag go bhfuil leathbhádóir ag Sirius - an abhacréalt bhán ar a dtugtar Sirius B inniu. Ós abhacréalt bhán atá inti, is seanréalt í a bhí ina fathachréalt dhearg roimhe seo, agus nuair a bhí, is follasach go raibh sí in ann léaró bán Sirius (nó Sirius A) a bháthadh lena loinnir dhearg. Ní féidir linn an t-athrú tobann ó réalt dhearg go réalt bhán a mhíniú mar sin féin, nó ní bhíonn na fathachréaltaí dearga ag caochló go habhacréaltaí bána taobh istigh de mhíle bliain - bíonn na hathruithe ins an spéir ag teacht i gcrann i bhfad níos maille ná sin.
|