An difríocht idir athruithe ar: "Carbhal"

Content deleted Content added
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Caravel Boa Esperanca Portugal.jpg|mion|Carbhal]]
[[File:Caravela de armada of Joao Serrao.jpg|thumb|right|Carbhal faoi choirneog (''Livro das Armadas'')]]
Long seoil le suas le 4 chrann, saothraithe ag [[An Phortaingéil|na Portaingéalaigh]] sa [[15ú haois|15ú céad]] ab ea an '''carbhal'''. Bhíodh rigeáil seolta laidineacha air le sparraí fada cuartha.
Soitheach bheag éadaigh sho-ionramháilte is ea an '''carabhal''', long a chum na [[an Phortaingéil|Portaingéalaigh]] sa 15ú haois chun taiscéalaíocht a dhéanamh feadh chósta na hAfraice Thiar agus amuigh san Atlantach. Lig a chuid seolta laidineacha di imeacht faoi luas agus [[téarmaí seoltóireachta|seoladh chun na gaoithe]]. Bhain na Portaingéalaigh agus na [[Ríocht na Caistíle|Caistíligh]] feidhm as an gcarabhal sa 15ú agus sa 16ú haois le linn Ré na Fionnachtana. Chuidigh sí, mar sin, leis an gcoilíniú agus le smachtú na bpobal dúchasach.
 
==Brí an fhocail==
== Féach freisin ==
Tagann an t-ainm ó ''caravela'' an Portaingéilise, agus d’fhéadfadh sin teacht ó ''qārib'' na hArabaise, ainm a bhaineann le seanchineál loinge a dtugtar ''carabus'' uirthi i Laidin nó κάραβος i nGréigis, agus tagairt ann b’fhéidir do long phlainc.<ref>{{cite journal | last = Sleeswyk | first = André W. | year = 1998 | title = Carvel-planking and Carvel Ships in the North οf Europe | journal = Archaeonautica | volume = 14 | pages = 223–228 (224f.) | url = http://www.persee.fr/web/revues/home/prescript/article/nauti_0154-1854_1998_act_14_1_1208}}</ref>
 
==Stair==
[[File:Caravela Latina - Museu Arte Antiga.jpg|thumb| Síltear gurb í seo an íomhá is cruinne de charbhall faoi sheolta laidineacha. Le fáil ar an ''Retábulo de Santa Auta'', saothar de chuid an 16ú haois in Iarsmalann Náisiúnta na hEalaíne Ársa i Liospóin.]]
[[File:Boa Esperança Caravel - Lagos, Portugal.jpg|thumb|right|225px|Macasamhail den charbhal ''Boa Esperança'' i gcathair Lagos sa Phortaingéil.]]
 
Anuas go dtí an 15ú haois bhain na Portaingéalaigh úsáid as an mbáirse agus as an [[baranal]] (''barinel''), soitheach beag a raibh crann amháin nó fiú trí chrann inti, rámha aici agus í gan chaiseal tosaigh. Baineadh feidhm aist i gcomhair trádála, cogaíochta agus taiscéalaíochta (mar shampla, i gcomhair lonnaíochta ar [[Mhaidéara]] agus [[na hAsóir]]). D’iompair sí coirneoga agus, níos déanaí, seol laidineach. D’fhág sí lorg ar an gcarbhal, soitheach a cumadh timpeall 1450 faoi choimirce Éinrí Loingseora na Portaingéile agus í déanta ar mhúnla na mbád iascaireachta. Bhí an carbhal níos inbheartaithe ná na longa a tháinig roimpi: gan de mheáchan inti ach ó chaoga go céad is seasca tonna, crann nó trí inti agus seolta laidineacha á n-iompar aici a chuir ar a cumas [[téarmaí seoltóireachta|baint den ghaoth]]. Mar shoitheach gan toirt agus cíle éadomhain fúithi bhí sí in ann seoladh cois cósta agus suas abhainn, agus bhí sí an-luath ar an aigéan agus coirneoga á n-iompar aici. Bhí rath uirthi d’ainneoin nárbh fhéidir léi lasta mór ná foireann mhór a iompar.
 
I gcúrsaí trádála tháinig an [[carrac]] (''nau'' i bPortaingéilise) in áit an charbhail le himeacht aimsire.
 
==Dearadh==
Bhí dhá chrann nó trí chrann sna carbhail ba luaithe agus seolta laidineacha orthu, agus bhí ceithre chrann sna carbhail ba dhéanaí. Bhí na carbhail luatha, amhail an ''caravela tilhada'' sa 15ú haois, idir 12 agus 18 méadar ar fad agus idir 50 agus 60 tonna de thoilleadh iontu,<ref>{{cite book|last=Russell|first=Peter E.|title=Prince Henry 'the Navigator': A Life|year=2000|publisher=Yale University Press|isbn=0-300-09130-3|page=[https://archive.org/details/princehenrythena00russ_0/page/229 229]|url=https://archive.org/details/princehenrythena00russ_0 |url-access=registration}}</ref> cóimheas ard d'fhad in aghaidh leithid acu timpeall 3.5 le 1, agus creat caol éileapsóideach acu (nár chosúil le creat cruinn an charraic).
 
==Carbhal faoi choirneog==
 
Sa chuid deiridh den 15ú haois rinne na Portaingéalaigh carbhal níos toirtiúla a raibh caiseal tosaigh agus caiseal deiridh aici, cé nach raibh siad chomh hard le caisil charraic. Ba chuid suntais í toisc go raibh coirneog á hiompar ar a crann tosaigh agus seolta laidineacha ar na trí chrann eile. Thugadh na Portaingéalaigh “carbhal cruinn” uirthi (''caravela redonda''): samhlaíodh coirneog agus bolg uirthi mar rud cruinn.
 
Baineadh feidhm aisti i gcabhlaigh gharda chósta i ngar do Chaolas Gibraltar, agus mar thionlacaí armtha ag longa trádála idir an Phortaingéil agus an Bhrasaíl agus ar Bhealach na Rinne. Deirtear uaireanta gur aisti a fáisceadh an gaileon, agus bhí sí á húsáid fós sa 17ú haois.
[[File:Lisbon - Lisbonne - Lisboa 1572.png|thumb|center|600px|{{center|Liospóin agus Abhainn an Tagus (1572). Gaileon i lár an phictiúir, le carraic, rámhlong, carbhail chruinne, gnáthcharbhail, agus soithí eile.}}]]
 
==Nótaí==
{{reflist}}
 
==Naisc sheachtracha==
 
*[http://nautarch.tamu.edu/Theses/pdf-files/Schwarz-MA2008.pdf ''The History and Development of Caravels''] - A Thesis - George Robert Schwarz, B.A., University of Cincinnati, Chair of Advisory Committee: Dr. Luis Filipe Vieira de Castro, May 2008
* ''[https://web.archive.org/web/20071207154919/http://museu.marinha.pt/Museu/Site/PT Museu da Marinha]''
* ''[https://web.archive.org/web/20071025015529/http://museu.marinha.pt/museu/site/pt/loja/reproducoes/ Museu da Marinha, fac-similes]''
* ''[https://web.archive.org/web/20080215014748/http://www.instituto-camoes.pt/cvc/navegaport/c06.html Instituto Camões. Caravela]''
* ''[https://web.archive.org/web/20071208022611/http://www.arte.tv/de/wissen-entdeckung/abenteuer-arte/Durchbruch-am-Kap-des-Schreckens/1765302.html Durchbruch am Kap des Schreckens dir. Axel Engstfeld, Germany 2002, 52m. ZDF]''
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}{{Fréamh an Eolais}}
 
{{síol}}
[[Catagóir:Seoltóireacht]]
[[Catagóir:Longa]]