An difríocht idir athruithe ar: "Coga"

Content deleted Content added
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Bremen Hansekogge RolandvonBremen.JPG|thumb|right|300px|An coga ''Roland von Bremen'' agus í atógtha.]]Cineál loinge is ea an '''coga'''. Nocht a leithéidí sa 10ú haois agus baineadh feidhm astu go forleathan in Iarthar Eorpa ó thimpeall an 12ú haois amach. Longa clinse ba ea iad agus dhéantaí d’adhmad daire de ghnáth iad ó bhí an t-adhmad sin le fáil go coitianta i réigiún Báltach na Prúise. Bhí crann amháin iontu agus é feistithe le coirneog. Mar longa trádála is mó a baineadh úsáid astu, go háirithe i ngeall ar an gConradh Hainseatach agus i réigiún na Baltaice. Bhí siad idir cúig mhéadar agus ocht méadar ar leithead agus idir cúig mhéadar déag agus cúig mhéadar is fiche ar fad. D’fhéad na cogaí ba toirtiúla suas le 200 tonna a iompar.<ref>{{cite web|teideal=Hamburg Museum - Medieval Hamburg (4) - The Cog - A Cargo-carrying Vessel of the Middle dixious Ages|url=http://www.hamburgmuseum.de/e/htm_e/neu/t-1og-mittelalter04.html|accessdate=5 April 2013}}</ref>
 
Cineál de long chruinn ba ea an coga.<ref>{{Cite web|url=http://www.oxfordreference.com/view/10.1093/oi/authority.20110803100430604|teideal=Round ship|website=Oxford Reference|publisher=[[Oxford University Press]]|language=en|accessdate=14 September 2017|archive-url=https://web.archive.org/web/20170915070250/http://www.oxfordreference.com/view/10.1093/oi/authority.20110803100430604|archive-date=15 September 2017|url-status=live}}</ref> Bhí tóin phlainc aici i lár na loinge agus strácaí clinse láimh leis na poist. Bhí plancra clinse ar na taobhanna, ag tosú de ghnáth ó na strácaí ruma aníos, agus iad ceangailte le tairní déleacaithe. Bhí an chíle beagán níos tibhe ná na strácaí íochtair agus í raibhgan raboid aicirabóid. Bhí an post tosaigh agus an post deiridh díreach agus measartha fada agus iad ceangailte den chíle le huchtáin. Cheanglófaí cinn na strácaí íochtair de na huchtáin agus de na poist le rabóidí, ach cheanglófaí na strácaí uachtair den taobh amuigh de na poist. Caonach agus tarra tríd ba ea an chácáil de ghnáth agus í pulctha in eangaí cuara a bhí clúdaithe le lataí. Dhaingnófaí iad siúd le stáplaí a dtugtaí ''sintels'' orthu. Chrochfaí stiúir ag deireadh na loinge, rud nach raibh le fáil san Eoraip ach amháin sa tuaisceart.<ref name="Crumlin-Pedersen"/> Bhíodh chabhail oscailte ag an gcoga agus b’fhéidir í a iomramh ar feadh achar gearr, ach cuireadh deiceanna inti sa 13ú haois.
 
== Stair ==
Rinneadh an chéad tagairt do chogaí in AD 948 in Muiden i ngar d’[[Amstardam]]. Bhí cosúlacht éigin idir iad agus an [[knarr]] Lochlannach, an long thrádála ba mhó ar baineadh feidhm aisti i dtuaisceart na hEorpa ag an am agus a raibh rámh stiúrtha aici, is dócha, mar nach bhfuil fianaise i dtaobh stiúir dheiridh i dtuaisceart na hEorpa go dtí timpeall 1240.<ref>{{cite web|url=https://www.abc.se/~m10354/mar/cog.htm|teideal=The Cog|last=Åkesson|first=Per|date=January 1999|accessdate=14 September 2017|archiveurl=}}</ref>