An difríocht idir athruithe ar: "Hulc"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'thumb|288x288px|Leathanach as ''John of Worcester's Chronicle'' a thaispeánann Éinrí I Shasana i hulc. Thugann an chroinic seo cuntas ar bhrionglóidí Éinrí. Soitheach meánaoiseach ba ea an '''hulc'''. Tháinig sí roimh an gcarrac agus an gcarbhal, cé nach raibh sí chomh tábhachtach leo siúd. Bhí baint ar leith aici le hÍsiltíortha na hEorpa, áit, is dócha, a raibh sí á húsáid mar b...'
(No difference)

Leagan ó 07:37, 27 Samhain 2021

Soitheach meánaoiseach ba ea an hulc. Tháinig sí roimh an gcarrac agus an gcarbhal, cé nach raibh sí chomh tábhachtach leo siúd. Bhí baint ar leith aici le hÍsiltíortha na hEorpa, áit, is dócha, a raibh sí á húsáid mar bhád abhann nó canála den chuid is mó. Níl d’fhianaise ina taobh ach i gcáipéisí dlí agus i bpictiúir.

Leathanach as John of Worcester's Chronicle a thaispeánann Éinrí I Shasana i hulc. Thugann an chroinic seo cuntas ar bhrionglóidí Éinrí.

Stair

B’fhéidir go dtagann an t-ainm ón bhfocal Gréigise όλκας (holkas), bád ar théad, rud a réiteodh go maith le húsáid an huilc mar bháirse abhann. Ina theannta sin, bhí an chiall “rud toll” nó “blaosc” le hulc sna meánaoiseanna, rud a thabharfadh cruth na cabhlach le fios.

Ní léir cén uair a nocht an hulc san Eoraip. Níl fianaise sheandálaíoch ann, agus caithfear a bheith ag brath ar phictiúir agus ar cháipéisí a bhaineann le cúrsaí trádála.[1][2] Is é barúil choitianta na scoláirí gur tosaíodh á húsáid sna hÍsiltíortha mar shoitheach abhann.[3] Déantar tagairt do huilc timpeall 1000 AD i ndlíthe Aethelred II i Sasana.[2] Ba lú an méid cánacha a gearradh ar huilc ná ar cogaí nó ar longa eile agus baint ag cánacha leis an méid earraí. Faoin 14ú haois ba throime na cánacha a bhí á ngearradh ar huilc, rud a chuireann in iúl go raibh níos mó earraí á n-iompar acu agus gur thoirtiúla na cabhlacha dá réir.[2] Ba í an hulc an soitheach trádála ba mhó a bhí á húsáid ag an gConradh Hainseatach faoin 14ú haois, ach faoin 15ú haois bhí an carbhal ag teacht in ionad an huilc.

Dearadh agus feidhmiú

Tá huilc le feiceáil i bpictiúir agus crann amháin acu i lár na cabhlach a bhfuil coirneog feistithe air.[1] Rinneadh an chabhail le clinse aisiompaithe, sa mhéid gur feistíodh na strácaí clinse ón stráca uachtair anuas go dtí an chíle.[1][2] Bhí caiseal tosaigh agus caiseal deiridh ag an hulc. Taispeánann na pictiúir is luaithe stiúir cheathrún ar deas, ach ina dhiaidh sin taispeántar stiúir láir. Is dócha gur fhág modhanna longthógála a bhí ann roimhe sin a rian ar dhéanamh an huilc. Tá baint ag an gcrann agus an stiúir cheathrún le longa Lochlannacha agus tá an chíle cosúil le cíle an choga.[1][2][4]

Is iad tosach agus deireadh an huilc mhéadaithe an chuid ba laige den soitheach. Níl neart sa post tosaigh ná sa phost deiridh, agus b’éigean iad a dhaingniú le naprúin agus le huchtáin.

Glactar leis i bhfianaise cáipéisí Sasanacha agus Hainseatacha gur mar shoitheach lasta is mó a úsáideadh an hulc.[3][4] B’fhéidir gur baineadh úsáid as huilc mar longa cogaidh chomh maith. Bheidís níos inbheartaithe ná an coga, a bhuíochas sin ar an stiúir láir agus ar na rámha atá le feiceáil i roinnt lámhscríbhinní dathmhaisithe, agus b’fhearr an t-ardán an hulc chun troid a dhéanamh.[1]

Íomhánna meánaoiseacha de huilc

  • Séala cathrach New Shoreham (1295) – séala a thaispeánann long cosúil le hulc, crann ina lár, dhá chaiseal aici agus strácaí clinse aisiompaithe.[2]
  • John of Worcester's Chronicle (críochnaithe roimh a bhás in 1140)
  • Life of St. Thomas of Canterbury (1240)
  • Holkhan Bible Picture Book (c. 1327-35) [[1]]
  • Life of Saints Edmund and Fremund, leabhar le John Lydgate (c. 1443-1444)
  • Seal of the Admiralty Court of Bristol (1446)

Nótaí

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Joe., Flatman (2009). "Ships and shipping in medieval manuscripts". London: British Library. OCLC 263993576. 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Sean., McGrail (2004). "Boats of the world : from the Stone Age to medieval times". Oxford: Oxford University Press. OCLC 852159352. 
  3. 3.0 3.1 Unger, Richard W. (1981). "Warships and Cargo Ships in Medieval Europe". Technology and Culture 22 (2): 233–252. doi:10.2307/3104899. JSTOR 3104899. 
  4. 4.0 4.1 Philippe., Dollinger (1970). "The German Hansa.". Stanford, Calif.: Stanford University Press. OCLC 98186. 

Le léamh

  • Greenhill, Basil (2000). “The Mysterious Hulc.” The Mariner's Mirror 86, lgh 3-18.
  • Rodger, N.A.M. (1997). The safeguard of the sea: a naval history of Britain, Vol.1, 660-1649, London, HarperCollins in association with the National Maritime Museum, ISBN 0-00-255128-4, lch 63.