An difríocht idir athruithe ar: "Julie Breathnach-Banwait"
Colin Ryan (plé | dréachtaí) Leathanach cruthaithe le 'File Gaeilge is ea '''Julie Breathnach-Banwait''' agus í ina cónaí lena cúram san Astráil Thiar anois. Tógadh le Gaeilge i gCeantar na nOileán i gConamara í. Tá dánta foilsithe aici ar Comhar, An Gael agus in áiteanna eile. In 2020 d’fhoilsigh Coiscéim a cnuasach ''Dánta Póca''. Síceolaí í agus suim aici i dtógálachas sóisialta – conas a mhúnlaítear ár mbuntuairimí trí chomhthuiscint agus conas a théann cultúr ag...' |
(No difference)
|
Leagan ó 12:21, 27 Samhain 2021
File Gaeilge is ea Julie Breathnach-Banwait agus í ina cónaí lena cúram san Astráil Thiar anois. Tógadh le Gaeilge i gCeantar na nOileán i gConamara í. Tá dánta foilsithe aici ar Comhar, An Gael agus in áiteanna eile. In 2020 d’fhoilsigh Coiscéim a cnuasach Dánta Póca.
Síceolaí í agus suim aici i dtógálachas sóisialta – conas a mhúnlaítear ár mbuntuairimí trí chomhthuiscint agus conas a théann cultúr agus teanga i bhfeidhm ar na tógáin sin. Deir sí go scríobhann sí i nGaeilge toisc gur teanga álainn í a chuireann tocht a croí in iúl, gur cuid dílis dá meon í agus go gceanglaíonn sí dá hóige í: “I write in Irish to balance myself lest I tip over and lose myself into the English-speaking world with which I sometimes struggle to connect”.[1]
Bhí sí ar dhuine de na filí Gaeilge thar lear ar cuireadh agallamh orthu le haghaidh IMRAM 2021, féile litríochta in Éirinn.
Nótaí
- ↑ ”Why Do You Write in Irish?”: Tinteán, 10 Lúnasa 2021: https://tintean.org.au/2021/08/10/why-do-you-write-in-irish/