An difríocht idir athruithe ar: "Úsáideoir:Cathal Óg/Morrissey"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Is amhránaí é Steven Patrick Morrissey (22 Bealtaine, 1959) a thagann ó Manchain sa Ríocht Aontaithe. Chan sé leis an ngrúpa The Smiths ón mbliain 1982 go dtí an mbliain 198...
 
(No difference)

Leagan reatha ó 01:45, 2 Iúil 2007

Is amhránaí é Steven Patrick Morrissey (22 Bealtaine, 1959) a thagann ó Manchain sa Ríocht Aontaithe. Chan sé leis an ngrúpa The Smiths ón mbliain 1982 go dtí an mbliain 1987 agus bhí sé rathúil mar amhránaí ina aonar nuair a tháinig críoch leis an mbanna sin. Tá deich singil curtha ar barr na cairteacha aige, agus tá se fós ag cruthú ceol.

Óige cuir in eagar

Rugadh Morrissey i nDavyhulme, in aice cathair Manchain sa bhliain 1959. Is de shliocht Éireannach atá sé, agus Éireannaigh Caitliceach ba iad a thuismitheoirí. Bhog an teaghlach go Stretford in aice an Moss Side sa bhliain 1965, áit inar fhorbair Morrissey suim i rudaí éagsúla cosúil leis an chlár teilifíse Coronation Street, popcheol na Seascaidí agus an drámadóir agus údar Oscar Wilde. Bhí fadhbanna pearsanta aige mar óganach agus bhí sé de shíor in ísle brí. Tar éis tréimhse gearr ag obair don Oifig Ioncaim Intíre, rinne sé cinneadh go raibh sé chun an dól a ghlacadh chun ligeant dó féin níos mó ama a caitheamh ag léamh agus ag scríobh.

The Smiths cuir in eagar

Sa bhliain 1982 chuir Morrissey tús leis an mbanna The Smiths leis an ngiotáraí Johnny Marr. Bhí Marr fiosrach faoin fhile aonaránach, agus bhí suim ag Morrissey ins an méid a bhí i gceist ag Marr - liricí a chur leis an gceol a chum sé agus banna a thosnú. Mar a thárla sé, bhí comhbhlas acu i ceol na Girl Groups ó na Seascaidí agus níos mó. Thosaigh siad ag scríobh le chéile agus chruthaigh siad The Smiths le Andy Rourke ar an ndórd agus Mike Joyce ar na drumaí ar ball.