An difríocht idir athruithe ar: "Eiscir Riada"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
Leis na mílte bliain, bhí bealach nádúrtha le fáil ar an talamh ní b’airde trí na portaigh i lártíre na hÉireann. Tugtar `Eiscir Riada’ ar an áit (iomaire gainimh na tiomána carbaid), creidtear go bhfuil sí comhthitimeach leis'an tSlí Mhór’, a chuaigh ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath chomh fada le Cuan na Gaillimhe. Tar éis an chatha ag [[Má Nuad]] sa bhliain 123 AD, bhí Eiscir Riada mar líne scartha trí Éirinn idir na tailte faoi rialú [[Chonn na gCéadta Cath]] ó thuaidh agus [[Eoghan Mór]] ó dheas.
 
Le linn dheireadh na Meánaoise bhí dúiche na hEascrach ar cheann de na ceithre Mhainéar Ríoga i gContae Bhaile Átha Cliath, ba mhinic a caitheadh an t-ioncam a fuarthas uathu ar chosaint na [[An Pháil|Páile]], a bhí faoi rialú rialtas [[Shasana]], "in aghaidh an Namhad Éireannaigh".
 
Go dtí an lá atá inniu ann, tá Eiscir Riada fós ina mhórbhealach, mar go bhfuil príomh-mhótarbhealach an M4/M6 idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh an-ghar de. Tarlaíonn go leor gníomhaíochta talmhaíochta feadh an bhóthair go fóill, agus talamh dea-dhraenáilte de chaighdeán réasúnta maith fágtha ag an ngaineamh oighreach. Tá na heascracha ina bhfoinse luachmhar d'ábhar tógála, agus go minic baintear gaineamh agus gairbhéal astu.