An difríocht idir athruithe ar: "Joseph Jenkins Roberts"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Polaiteoir Libéarach ab ea '''Joseph Jenkins Roberts''' a bhí ar an gcéad Uachtarán ar Phoblacht na Libéire. Rugadh Roberts ar an 15ú lá de Mhí na Márta 1809 i Norfolk, Virginia sna Stáit Aontaithe agus fuair sé bás ar an 24 Feabhra 1876 i Monrovia, príomhchathair na Libéire. Bhí dhá théarma Uachtaránachta aige: sna blianta 1848-1856 agus 1872 go tús na bliana 1876. Dealraíonn sé gur plandóir de bhunadh na Breataine Bige ab e...'
 
mNo edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}Polaiteoir [[An Libéir|Libéarach]] ab ea '''Joseph Jenkins Roberts''' a bhí ar an gcéad Uachtarán ar Phoblacht na Libéire. Rugadh Roberts ar an 15ú lá de Mhí na Márta 1809 i Norfolk, Virginia sna Stáit Aontaithe agus fuair sé bás ar an 24 Feabhra 1876 i Monrovia, príomhchathair na Libéire. Bhí dhá théarma Uachtaránachta aige: sna blianta 1848-1856 agus 1872 go tús na bliana 1876.
 
Dealraíonn sé gur plandóir de bhunadh na Breataine Bige ab ea athair Joseph, agus gurbh é Jenkins a shloinne siúd. Bhí máthair Joseph ina leannán luí ag Jenkins. Shaor an plandóir an cailín ó bhráca na saoirse sular rugadh Joseph; ina dhiaidh sin phós an mháthar fear datha darbh ainm James Roberts, agus bhí an fear seo sásta gnó an athar a dhéanamh do Joseph. Uaidh siúd a fuair Joseph an sloinne.