An difríocht idir athruithe ar: "Joseph Jenkins Roberts"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 11:
Bhí Roberts ar an gcéad ghobharnóir Afra-Mheiriceánach ar an gcoilíneacht, agus nuair a gaireadh poblacht neamhspleách den choilíneacht, ba rud nádúrtha é gur mhair sé i gceannas ar an bpoblacht nua. Thogh muintir na Libéire ina Uachtarán é arís is arís eile, ach sa bhliain 1855 chaill sé an toghchán agus ba é a Leas-Uachtarán féin, Stephen Allen Benson, a tháinig i gcomharbacht air.
 
Nuair a toghadh Roberts ina Uachtarán an chéad uair, dhírigh sé ar aitheantas a bhaint amach do neamhspleáchas na tíre ó na Stáit Aontaithe. Bhí a lán polaiteoirí i nDeisceart na Stát Aontaithe ina aghaidh, ach thairis sin, bhí coilíneachtaí ag tíortha Eorpacha timpeall ar an Libéir, agus ní raibh fáilte acu féin roimh an bpoblacht nua. Sa bhliain 1848 chuaigh Roberts ar cuairt go dtí an Bhreatain Mhór chomh maith le tíortha eile na hEorpa, agus ba é toradh an turais seo go raibh na Sasanaigh, ar a laghad, fonnmhar aitheantas a thabhairt don Libéir. Sa bhliain 1848 nó 1852 (níl na foinsí ag teacht le chéile) fuair an tír an t-aitheantas ón bhFrainc fosta. Faoin am chéannacéanna, a bheag nó a mhór, bhí tíortha eile, chomh maith le cathracha móra sa Ghearmáin ar nós Hamburg nó Lübeck, sásta neamhspleáchas na Libéire a admháil, ach níor lean na Stáit Aontaithe a sampla ach sa bhliain 1862, nuair a bhí Abraham Lincoln ina Uachtarán. Is dealraitheach go raibh sé deacair taidhleoirí datha ón Afraic a fháiltiú i Washington fad a bhí an daoirse i bhfeidhm sa tír. Nuair a saoradh na daoir ó bhráca, áfach, ní raibh fadhbanna leis na taidhleoirí Libéaracha a thuilleadh.