An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

Content deleted Content added
Líne 35:
Ní féidir na tátaiméirí a scaradh ó chéile, ach is féidir iad a aithint ar fhianaise indíreach. Bíonn siad difriúil ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, is é sin ní bhíonn siad ag imoibriú leis na comhdhúile eile ar an dóigh chéanna. Mar sin, más meascán tátaiméirí atá i gcomhdhúil áirithe, agus í ag imoibriú le comhdhúil eile, is féidir comhábhair an mheascáin sin a aithint ar na torthaí imoibriúcháin.
 
Tá sé tábhachtach a thuiscint nach ionann an tátaiméireacht mar rud agus an mhéisiméireacht (an t-athshondas i gcoimhthéacs na ceimiceceimiceach). Is éard atá i gceist leis an athshondas ceimiceach nó an mhéisiméireacht ná nach féidir cur síos ceart a thabhairt ar struchtúr na nasc ceimiceach i móilín áirithe, toisc go bhfuil an struchtúr sin idir eatarthu, agus go bhfuil an struchtúr idir eatarthu sin cobhsaí socair - is é sin níl an dá struchtúr sin i gcothromaíocht le chéile. Sa tátaiméireacht tá na tátaiméirí éagsúla ag iompú gona chéile gan stad gan staonadh.
 
== An Steiré-Isiméireacht ==