An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainnis"

Content deleted Content added
ceartucháin, athleagan na míre 'Gramadach' le táblaí
Líne 23:
== Gramadach ==
 
Tá gramadach ar leith ag an Íoslainnis i gcomparáid leis na teangacha Gearmáinice nua-aimseartha eile, go háirithe nuair a áirítear cé chomh saibhir agus atá a dheilbhíocht ainmfhoclach agus bhriathartha. Is teanga an-infhillte í, a bhfuil ceithre thuiseal aici: ainmneach, cuspóireach, tabharthach agus ginideach. Tá trí inscne aici, a aithnítear thar a chéile iad san uimhir iolra chomh maith leis an uimhir uatha: firinscne, baininscne agus neodar. Don chuid is mó, marcáiltear na catagóirí seo go soiléir ar ainmfhocail, aidiachtaí agus forainmneacha, de ghnáth i bhfoirm iarmhíreanna infhillte ag deireadh na fréamhfhoirme atá i gceist, mar a léirítear sna táblaí thíos:
Tá gramadach na hÍoslainnise i bhfad níos casta ná gramadach na dteangacha Gearmáinice eile, an [[Gearmáinis|Ghearmáinis]] go mór mór san áireamh. Tá trí inscne ann, cosúil leis an nGearmáinis, ach aithnítear thar a chéile san uimhir iolra iad chomh maith leis an uimhir uatha, rud nach ndéantar sa Ghearmáinis: ''þeir allir'' "siad uile" (firinscne), ''þær allar'' "siad uile" (baininscne), ''þau öll'' "siad uile" (neamhinscne). Cosúil leis an nGearmáinis, aithníonn an Íoslainnis ceithre thuiseal, mar atá, an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach, an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach. Sa Ghearmáinis, áfach, ní bhíonn de dhifríocht idir na tuisil seo go minic ach foirmeacha an ailt, ach san Íoslainnis, cuirtear iarmhíreanna éagsúla leis an ainmfhocal, agus guta an tamhain féin ag athrú ag a lán focal chomh maith. Féach na samplaí seo:
 
* '''HÚS''' "teach" (neamhinscne)
 
:tuiseal ainmneach uatha: ''hús''
:tuiseal cuspóireach uatha: ''hús''
:tuiseal tabharthach uatha: ''húsi''
:tuiseal ginideach uatha: ''húss''
 
:tuiseal ainmneach iolra: ''hús''
:tuiseal cuspóireach iolra: ''hús''
:tuiseal tabharthach iolra: ''húsum''
:tuiseal ginideach iolra: ''húsa''
 
* '''FJÖRÐUR''' "caolsáile, fiord" (firinscne)
 
:t.a.u. ''fjörður''
:t.c.u. ''fjörð''
:t.t.u. ''firði''
:t.g.u. ''fjarðar''
 
:t.a.i. ''firðir''
:t.c.i. ''firði/fjörðu''
:t.t.i. ''fjörðum''
:t.g.i. ''fjarða''
 
* '''ÁÆTLUN''' "amchlár, sceideal, plean" (baininscne)
 
:t.a.u. ''áætlun''
:t.c.u. ''áætlun''
:t.t.u. ''áætlun''
:t.g.u. ''áætlunar''
 
:t.a.i. ''áætlanir''
:t.c.i. ''áætlanir''
:t.t.i. ''áætlunum''
:t.g.i. ''áætlana''
 
'''FJÖRÐUR''' "caolsáile, fiord" (firinscneach)
{| class="wikitable"
!
!uatha
!iolra
|-
|'''ainmneach'''
|fjörður
|firðir
|-
|'''cuspóireach'''
|fjörð
|firði
|-
|'''tabharthach'''
|firði
|fjörðum
|-
|'''ginideach'''
|fjarðar
|fjarða
|}
'''ÁÆTLUN''' "amchlár, sceideal, plean" (baininscneach)
{| class="wikitable"
!
!uatha
!iolra
|-
|'''ainmneach'''
|áætlun
|áætlanir
|-
|'''cuspóireach'''
|áætlun
|áætlanir
|-
|'''tabharthach'''
|áætlun
|áætlunum
|-
|'''ginideach'''
|áætlunar
|áætlana
|}
'''HÚS''' "teach" (neodrach)
{| class="wikitable"
|+
!
!uatha
!iolra
|-
|'''ainmneach'''
|hús
|hús
|-
|'''cuspóireach'''
|hús
|hús
|-
|'''tabharthach'''
|húsi
|húsum
|-
|'''ginideach'''
|húss
|húsa
|}
== Naisc ==