An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainnis"

Content deleted Content added
ceartucháin, athleagan na míre 'Gramadach' le táblaí
mNo edit summary
Líne 17:
== Stair ==
 
Is í an tSean-Íoslainnis, teanga Lochlannach a labhraíodh agus scríobhadh sna [[Meánaoiseanna]], sinsearach na Nua-Íoslainnise. Go stairiúil, is as iarthar na [[An Iorua|hIorua]] a tháinig formhór na lonnaitheoir a chuaigh ar imirce chun na hÍoslainne. Mar sin, bhí an tSean-Íoslainnis agus an tSean-Ioruais an-chosúil lena chéile, agus is iad canúintí iarthar na hIorua na leaganacha Lochlannacha is gaolmhaire leis an Íoslainnis sa lá atá inniu ann, lasmuigh den [[Faróis|Fharóis]]. Mar sin féin, toisc í a bheith scoite ó leaganacha na [[Mór-roinn|Mór-roinne]], is ar éigean a d’athraigh gramadach na hÍoslainnise le linn na mílaoise ó shin, go háirithe ó thaobh na deilbhíochtamoirfeolaíochta de. Inniu, tá an Íoslainnis i bhfad níos cosúla leis an tSean-Lochlainnis a bhí á labhairt ag na hUigingigh a lonnaigh an t-oileán míle bliain ó shin ná leis na teangacha nua-aoiseacha eile i gCríoch Lochlann.
 
Téann traidisiún liteartha na hÍoslainnise siar go dtí na Meánaoiseanna, agus is beag difríocht is féidir a aithint idir Íoslannis na tríú haoise déag agus Íoslainnis an lae inniu, ó thaobh na teanga scríofa ar a laghad. Mar sin, bíonn cainteoirí ábalta an tseanlitríocht a léamh, cé go n-úsáidtear nótaí le ciall a bhaint as an gcomhthéacs cultúrtha de ghnáth.
Líne 23:
== Gramadach ==
 
Tá gramadach ar leith ag an Íoslainnis i gcomparáid leis na teangacha Gearmáinice nua-aimseartha eile, go háirithe nuair a áirítear cé chomh saibhir agus atá a dheilbhíochtmoirfeolaíocht ainmfhoclach agus bhriathartha. Is teanga an-infhillte í, a bhfuil ceithre thuiseal aici: ainmneach, cuspóireach, tabharthach agus ginideach. Tá trí inscne aici, a aithnítear thar a chéile iad san uimhir iolra chomh maith leis an uimhir uatha: firinscne, baininscne agus neodar. Don chuid is mó, marcáiltear na catagóirí seo go soiléir ar ainmfhocail, aidiachtaí agus forainmneacha, de ghnáth i bhfoirm iarmhíreanna infhillte ag deireadh na fréamhfhoirme atá i gceist, mar a léirítear sna táblaí thíos:
 
'''FJÖRÐUR''' "caolsáile, fiord" (firinscneach)