An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 17:
Cosúil leis an dá phrópánól agus an t-éitear meitileitile thuas, is isiméirí struchtúracha dá chéile iad an próipianaildéad (an própánal) <chem>CH3CH2C(H)O</chem> agus an t-[[aicéatón]] (an própánón) <chem>CH3C(O)CH3</chem>, cé nach comhdhúile den chineál chéanna iad: is [[aildéad]] é an próipianaildéad, agus is [[céatón]] é an t-aicéatón. Mar sin, tá siad sách difriúil le chéile ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de.
 
=== An Isiméireacht Cis-Tras ===
 
Sna laethanta a bhí ba chúis "isiméireacht chéimseatach" a thabhairt ar an isiméireacht cis-tras. Is éard atá i gceist ná go bhfuil struchtúr righin ann ar féidir don dá mhalartaí bheith ar aon taobh de nó ar an dá thaobh de. Go tipiciúil tá nasc dúbailte i gceist. Mar shampla, sa bhúit-2-éin <chem>CH3CH=CHCH3</chem> is féidir leis an dá mheitilghrúpa <chem>CH3</chem> bheith ar aon taobh amháin den nasc dúbailte (cis) nó ar an dá thaobh (tras).