An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

Content deleted Content added
Líne 21:
Sna laethanta a bhí ba chúis "isiméireacht chéimseatach" a thabhairt ar an isiméireacht cis-tras. Is éard atá i gceist ná go bhfuil struchtúr righin ann ar féidir don dá mhalartaí bheith ar aon taobh de nó ar an dá thaobh de. Go tipiciúil tá nasc dúbailte i gceist. Mar shampla, sa bhúit-2-éin <chem>CH3CH=CHCH3</chem> is féidir leis an dá mheitilghrúpa <chem>CH3</chem> bheith ar aon taobh amháin den nasc dúbailte (cis) nó ar an dá thaobh (tras): <chem>CH(CH3)=CH(CH3)</chem> (cis-isiméir, an dá <chem>CH3</chem> chugainn), nó <chem>CH3C(H)=CH(CH3)</chem> (tras-isiméir, ceann den dá <chem>CH3</chem> iompaithe uainn).
 
=== An Tátaiméireacht ===
 
Tátaiméireacht atá i gceist, má tá cothromaíocht cheimiceach idir an dá isiméir, ionas nach féidir iad a dhealú ó chéile. Is í an tátaiméireacht idir eanóil agus céatóin an sampla is coitianta, b'fhéidir. Tugtar eanóil ar na comhdhúile orgánacha ina bhfuil grúpa hiodrocsaile ceangailte d'adamh carbóin a bhfuil nasc dúbailte idir é agus adamh carbón eile. Go bunúsach, bíonn na heanóil éagobhsaí, agus iad ag athrú go spontáineach go céatóin, mar seo: