An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

Content deleted Content added
Tabhair faoi deara gurb ionann an déimíd (diimide as Béarla) agus an "diazene" ar an leathanach Béarla faoi "cis-trans isomerism".
Líne 21:
Sna laethanta a bhí ba ghnách "isiméireacht chéimseatach" a thabhairt ar an isiméireacht cis-tras. Is éard atá i gceist ná go bhfuil struchtúr righin ann ar féidir don dá mhalartaí bheith ar aon taobh de nó ar an dá thaobh de. Go tipiciúil tá nasc dúbailte i gceist, nó má tá nasc dúbailte idir dhá adamh carbóin, tá an trí nasc - an ceann dúbailte agus an dá nasc singil - suite in aon leibhéal, agus ní féidir an móilín a chasadh timpeall ar an nasc dúbailte mar ais. Mar shampla, sa bhúit-2-éin <chem>CH3CH=CHCH3</chem> is féidir leis an dá mheitilghrúpa <chem>CH3</chem> bheith ar aon taobh amháin den nasc dúbailte (cis) nó ar an dá thaobh (tras): <chem>CH(CH3)=CH(CH3)</chem> (cis-isiméir, an dá <chem>CH3</chem> chugainn), nó <chem>CH3C(H)=CH(CH3)</chem> (tras-isiméir, ceann den dá <chem>CH3</chem> iompaithe uainn).
 
Tá isiméirí den chineál seo ag comhdhúile áirithe neamhorgánacha, ar nós na déimíde[[déimíd]]e <chem>(NH)2</chem>. Tá nasc dúbailte idir an dá adamh nítrigine i móilín na déimíde, agus is féidir don dá adamh hidrigine a bheith ar aon taobh amháin den nasc seo (cis-déimíd) nó ar an dá thaobh de (tras-déimíd).
 
== An Tátaiméireacht ==