An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

Content deleted Content added
m Leagan Gaeilge de::Isomerism.png, made using File:Cis-2-butene.svg and File:Trans-2-butene.svg by User:JaGa and File:Conformers.svg by User:Odie5533.
Líne 23:
 
Tá isiméirí den chineál seo ag comhdhúile áirithe neamhorgánacha, ar nós na [[déimíd]]e <chem>(NH)2</chem>, nó <chem>HN=NH</chem>. Tá nasc dúbailte idir an dá adamh nítrigine i móilín na déimíde, agus is féidir don dá adamh hidrigine a bheith ar aon taobh amháin den nasc seo (cis-déimíd) nó ar an dá thaobh de (tras-déimíd). Déanann leictreondíseanna an dá adamh nítrigine gnó an "mhalartaí" i struchtúr na déimíde.
 
Má tá níos mó ná dhá chineál malartaí nasctha de na hadaimh charbóin a bhfuil nasc dúbailte eatarthu, ní úsáidtear na réimíreanna ''cis'' agus ''tras''. Ina n-áit sin, is iad na litreacha ''E'' agus ''Z'' a bhíonn in úsáid. Seasann E don fhocal Gearmáinise ''entgegem'' (in aghaidh a chéile) agus is é is brí leis an litir Z ná ''zusammen'' (le chéile). Tá nós ainmnithe an dá chineál isiméirí sin bunaithe ar chóras tosaíochtaí na malartaithe ar a dtugtar córas Cahn-Ingold-Prelog. Sa chóras seo tá na malartaithe in ordú de réir a n-uimhreach adamhach, agus is é an malartaí is airde uimhir adamhach an malartaí is airde tosaíocht.
 
Dá réir sin, ní bhíonn an córas ''E''-''Z'' ag cur leis an gcóras ''cis-tras'' mar a shílfeá. Déanaimis ár marana ar an gcomhdhúil úd ar a dtugtar 1-bróma-1,2-déchlóireitéin, <chem>C(Br)Cl=C(H)Cl</chem>. Is é an bróimín an malartaí is airde tosaíocht de réir chóras Cahn-Ingold-Prelog, agus is é an clóirín an dara malartaí is airde tosaíocht. Má tá an t-adamh bróimín agus ceann den dá adamh clóirín ar aon taobh den nasc dúbailte, is í an ''Z''-isiméir atá againn, toisc go bhfuil na malartaithe is airde tosaíocht le chéile, ''zusammen''.
 
== An Tátaiméireacht ==