An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

Content deleted Content added
Líne 46:
Ní féidir na tátaiméirí a scaradh ó chéile, ach is féidir iad a aithint ar fhianaise indíreach. Bíonn siad difriúil ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, is é sin ní bhíonn siad ag imoibriú leis na comhdhúile eile ar an dóigh chéanna. Mar sin, más meascán tátaiméirí atá i gcomhdhúil áirithe, agus í ag imoibriú le comhdhúil eile, is féidir comhábhair an mheascáin sin a aithint ar na torthaí imoibriúcháin.
 
Tá sé tábhachtach a thuiscint nach ionann an tátaiméireacht mar rud agus an [[Méisiméireacht|mhéisiméireacht]] (an t-athshondas ceimiceach). Is éard atá i gceist leis an athshondas ceimiceach nó an mhéisiméireacht ná nach féidir cur síos ceart a thabhairt ar struchtúr na nasc ceimiceach i móilín áirithe, toisc go bhfuil an struchtúr sin idir eatarthu, agus go bhfuil an struchtúr idir eatarthu sin cobhsaí socair - is é sin níl an dá struchtúr sin i gcothromaíocht le chéile. Mar sin, níl i gceist leis an méisiméireacht go bunúsach ach locht atá ar chóras na bhfoirmlí ceimiceacha. Sa tátaiméireacht tá na tátaiméirí éagsúla ag iompú gona chéile gan stad gan staonadh. Sampla den mhéisiméireacht é an t-ian tiaicianáite, <chem>[S=C=N^\ominus <->\ ^{\ominus}\!S-C{\equiv}N]</chem>.
 
== An Steiré-Isiméireacht ==