An difríocht idir athruithe ar: "Aildéad"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 57 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q101497 (translate me) |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Comhdhúil]]e orgánacha iad na h'''aildéid''' ina bhfuil an grúpa carbóinile <chem>C=O</chem> i gceann an tslabhra d'adaimh [[carbón|charbóin]]. Ó tá dhá nasc oscailte ag an ngrúpa carbóinile, ní mór ceann acu a dhúnadh le hadamh [[hidrigin]]e H agus an ceann eile ceangailte den tslabhra. Mar sin, is féidir a rá gurb é <chem>-C(H)O</chem> (nó <chem>-CHO</chem>) feidhmghrúpa na n-aildéad. Is iad an [[formaildéad]] nó an [[meatánal]] <chem>HCHO</chem> agus an t-[[aicéataildéad]] nó an t-eatánal
Is í an difríocht idir na haildéid agus na céatóin ná go bhfuil an grúpa carbóinile i lár an tslabhra carbóin sna céatóin: cuir i gcomparáid an [[próipianaildéad]] (an própánal)
Bíonn aildéid coitianta go maith sa cheimic orgánach, agus is aildéid iad a lán cumhrán. Is aildéad í an fhanailin a thugann an blas agus an boladh sainiúil don fhanaile, agus is é an cainéaldéad is cúis le blas agus boladh an chainéil.
|