An difríocht idir athruithe ar: "Aildéad"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Comhdhúil]]e orgánacha iad na h'''aildéid''' ina bhfuil an grúpa carbóinile <chem>C=O</chem> i gceann an tslabhra d'adaimh [[carbón|charbóin]]. Ó tá dhá nasc oscailte ag an ngrúpa carbóinile, ní mór ceann acu a dhúnadh le hadamh [[hidrigin]]e H agus an ceann eile ceangailte den tslabhra. Mar sin, is féidir a rá gurb é <chem>-C(H)O</chem> (nó <chem>-CHO</chem>) feidhmghrúpa na n-aildéad. Is iad an [[formaildéad]] nó an [[meatánal]] <chem>HCHO</chem> agus an t-[[aicéataildéad]] nó an t-eatánal <chem>CH3CHO</dhemchem> an dá aildéad is simplí. (Mar is léir ón dá shampla seo, is é -ánal is deireadh d'ainmneacha córasacha na n-aildéad, ach bíonn ainmneacha traidisiúnta ar chuid mhór acu agus iad níos coitianta sa litríocht cheimiceach féin ná na hainmneacha córasacha.)
 
Is í an difríocht idir na haildéid agus na céatóin ná go bhfuil an grúpa carbóinile i lár an tslabhra carbóin sna céatóin: cuir i gcomparáid an [[próipianaildéad]] (an própánal) <chem>CH3CH2CHO</chem> agus an t-[[aicéatón]] (an própánón) <chem>CH3COCH3</chem>, ar isiméirí iad.