An difríocht idir athruithe ar: "Búrcáil"
Content deleted Content added
m corr using AWB |
caighdeánú |
||
Líne 13:
== An cúlra stairiúil ==
Sa [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain Mhór]], reachtaíodh an tAcht um Anatamaíocht (''Anatomy Act'') sa bhliain [[1832]] le rialacha agus prionsabail a leagan síos faoi úsáid na gcorpán i dtaighde na hanatamaíochta. Roimhe sin, d'fhéadfadh aon duine a rithfeadh leis scoil anatamaíochta a bhunú, ach ní raibh soláthar oifigiúil ná dlíthiúil na gcorpán ann.
Bhí an bhúrcáil chomh coitianta is nárbh annamh do ghaolta an duine mhairbh diansúil a choinneáil ar an marbhán roimh an adhlacadh agus ar an uaigh ina dhiaidh, ar eagla go mbeadh na búrcálaithe ag santú an chorpáin. Is iomaí corpán a cuireadh i gcónra iarainn, fosta, nó tógadh gréasáin de bharraí iarainn timpeall na n-uaigheanna, fiú.
|