An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

4 bytes added ,  4 mhí ó shin
Is é is cúis leis an gciriúlacht go bhfuil adamh carbóin sa mhóilín a bhfuil ceithre mhalartaí éagsúla nasctha de. Deirtear gur adamh neamhshiméadrach é, nó gur lárphointe ciriúil, nó lárphointe steiréigineach, atá ann. Ceann de na comhdhúile is simplí a bhfuil lárphointe ciriúil iontu atá san aigéad lachtach, CH<sub>3</sub>CH(OH)COOH. Is féidir móilín an aigéid lachtaigh a fheiceáil mar adamh carbóin (an lárphointe ciriúil) a bhfuil ceithre mhalartaí nasctha de: an t-adamh hidrigine - CH<sub>3</sub>C'''H'''(OH)COOH - an hiodracsalghrúpa - CH<sub>3</sub>CH('''OH''')COOH - an meitiolghrúpa - '''CH<sub>3</sub>'''CH(OH)COOH - agus an grúpa carbocsaile, a dhéanann aigéad carbocsaileach de - CH<sub>3</sub>CH(OH)'''COOH'''. Anois, samhlaímis dúinn móilín an aigéid lachtaigh romhainn, agus an ceithre mhalartaí ag gobadh amach as an lárphointe ciriúil mar a bheadh bioranna an teitrihéadráin iontu. Tá an grúpa carbocsaileach -COOH ag díriú orainn, agus an meitiolghrúpa ag díriú suas, beagáinín ar shiúl uainn. Ansin, cá bhfuil an hidrigin agus an hiodracsail? Ceann acu ag díriú ar chlé, an ceann eile ar dheis - ach ''cé acu atá ag díriú ar chlé, cé acu atá ag díriú ar dheis?'' Tá an dá rogha ann. Sin é an tuige go bhfuil isiméireacht den chineál seo againn.
 
Má tá aon lárphointe ciriúil amháin sa mhóilín, tá dhá steiré-isiméir ann, agus is eanantaiméirí dá chéile iad. Sampla de seo is ea an t-[[aigéad lachtach]], CH<sub>3</sub>'''C'''H(OH)COOH. Má tá dhá lárphointe ciriúla ann, tá an scéal níos casta. Sampla de seo is ea an t-aigéad tartarach, HOOC'''C'''H(OH)'''C'''H(OH)COOH. Tá trí steiré-isiméir aige, mar atá, an dá eanantaiméir a chasann leibhéal an [[solas|tsolais]] pholaraithe, agus an tríú cineál aigéad tartarach, an t-aigead méiseatartarach, nach bhfuil ag oibriú ar an solas polaraithe ar aon nós ná slí, ós rud é go neodraíonn an dá lárphointe ciriúil a chéile. Is diaisteiré-isiméir don bheirt eile é an t-aigéad méiseatartarach.
 
Tugtar ''meascán raicéimeach'' ar an meascán ina bhfuil an dá eanantaiméir i gcoibhneas caoga faoin gcéad in aghaidh caoga faoin gcéad. Ní oibríonn an meascán seo ar an solas polaraithe, ó neodraíonn an dá eanantaiméir a chéile.