An difríocht idir athruithe ar: "Athshondas (ceimic fhisiceach)"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard atá i gceist leis an '''méisiméireacht''' nó an t-'''athshondas ceimiceach''' ná struchtúr móilíneach nach féidir cur síos a dhéanamh air de réir na bhfoirmlí comhghnásacha ceimiceacha. Sampla tipiciúil í an bheinséin. Tá fáinne sé adamh carbóin sa bheinséin, agus adamh amháin hidrigine nasctha de gach ceann de na hadaimh charbóin seo. De réir na gnáthfhoirmle, ba chóir go mbeadh naisc shingil agus naisc dhúbailte ag teacht i n...'
(No difference)

Leagan ó 04:15, 9 Eanáir 2022

Is éard atá i gceist leis an méisiméireacht nó an t-athshondas ceimiceach ná struchtúr móilíneach nach féidir cur síos a dhéanamh air de réir na bhfoirmlí comhghnásacha ceimiceacha. Sampla tipiciúil í an bheinséin. Tá fáinne sé adamh carbóin sa bheinséin, agus adamh amháin hidrigine nasctha de gach ceann de na hadaimh charbóin seo. De réir na gnáthfhoirmle, ba chóir go mbeadh naisc shingil agus naisc dhúbailte ag teacht i ndiaidh a chéile san fháinne beinséine, ach le fírinne ní féidir difríochtaí den chineál sin a aithint idir na naisc.

Is gnách cur síos a thabhairt ar struchtúr an mhóilín mhéisiméirigh trí na "foirmeacha canónda" a thabhairt, is é sin, na leaganacha teoiriciúla den struchtúr, agus an tsaighead dhúbailte eatarthu: .