An difríocht idir athruithe ar: "Athshondas (ceimic fhisiceach)"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[File:Stickstoffdioxid.svg|thumb|Dhá struchtúr méisiméireachta de dhé-ocsaíd nítrigine.]]
Is éard atá i gceist leis an '''méisiméireacht''' nó an t-'''athshondas ceimiceach''' ná struchtúr móilíneach nach féidir cur síos a dhéanamh air de réir na bhfoirmlí comhghnásacha ceimiceacha. Sampla tipiciúil í an bheinséin. Tá fáinne sé adamh carbóin sa bheinséin, agus adamh amháin hidrigine nasctha de gach ceann de na hadaimh charbóin seo. De réir na gnáthfhoirmle, ba chóir go mbeadh naisc shingil agus naisc dhúbailte ag teacht i ndiaidh a chéile san fháinne beinséine, ach le fírinne ní féidir difríochtaí den chineál sin a aithint idir na naisc. Ina áit sin, tá sé fhiúsleictreon de chuid na n-adamh san fháinne ''dílogánaithe'' mar a deirtear - is é sin tá siad spréite ar fud an fháinne, agus ní féidir a rá go mbainfeadh aon cheann acu le haon adamh carbóin ar leith san fháinne.