An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad hidreafluarach"

Content deleted Content added
Líne 27:
Bhí aithne ag lucht déanta na gloine le fada an lá ar an aigéad hidreafluarach, ach ba é an ceimiceoir Sualannach Carl Wilhelm Scheele a bhí in ann roimh aon duine eile cainníocht mhór den aigéad hidreafluarach a tháirgeadh. Ba é an Francach Edmond Frémy an chéad duine a d'aithin an fhluairíd hidrigine mar chomhdhúil ghlan gan uisce, nuair a bhí sé ag iarraidh fluairín a aonrú.
 
==An Struchtúr agus na hImoibriúcháin==
 
Níl ach dhá adamh i móilín na fluairíde hidrigine, ach is dual do na móilíní greamú dá chéile: slabhraí fada móilíní atá sa fhluairíd sholadach agus sa leacht féin. Má fhiuchtar an fhluairíd hidrigine go gás, beidh brú an gháis níos ísle ná mar a shílfeá, toisc go ngreamaíonn na móilíní dá chéile fiú sa ghás. Is é an greamú seo is cúis le chomh hard atá fiuchphointe na fluairíde hidrigine freisin - is é an fiuchphointe atá ag an bhfluairíd hidrigine ná 19.5 °C, agus na halaiginídí hidrigine eile ina ngáis i bhfad taobh thíos den nialas.
 
Tá an fhluairíd hidrigine intuaslagtha san uisce beag beann ar choibhneas an dá chomhdhúil. Tugtar aigéad hidreafluarach ar an meascán. Sna tuaslagáin chaola tá an t-aigéad hidreafluarach réasúnta lag mar aigéad, toisc nach bhfuil sé démhéirithe, agus tá nasc láidir hidrigine idir an t-ian hiodrocsóiniam H<sub>3</sub>O<sup>+</sup> agus an t-ian fluairíde F<sup>+</sup>. Sna tuaslagáin ardtiúis bíonn an fhluairíd hidrigine démhéirithe go <chem>H2F2</chem>, agus tá an démhéir seo i bhfad níos láidire mar aigéad ná an aonmhéir HF.
 
{{Fréamh an Eolais}}