An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad hidreafluarach"

Content deleted Content added
Líne 37:
==Táirgíocht==
 
As an bhfluairít - is é sin, as fluairíd chailciam (<chem>CaF2</chem>) an dúlra - a bhaintear an fhluairíd hidrigine sa tionsclaíocht. Nuair a rachaidh an t-aigéad sulfarach i bhfeidhm ar an bhfluairít, is é an toradh a gheofar ná an fhluairíd hidrigine. Ní mór féachaint chuige nach bhfuil an iomarca truailleán san fhluairít, áfach.
 
:CaF<sub>2</sub> + H<sub>2</sub>SO<sub>4</sub> → 2 HF + CaSO<sub>4</sub>
 
Imoibriú eisiteirmeach atá i gceist, is é sin, scaoiltear fuinneamh saor de thoradh an imoibriúcháin.
 
Aon chúigiú cuid den fhluairíd hidrigine a tháirgtear, is seachthoradh é do tháirgíocht na leasachán. Gintear aigéad heicseafluaraishiliceach <chem>H2SiF6</chem> sa tionsclaíocht leasachán, agus ansin is féidir teas a oibriú ar an aigéad seo, ionas go bhfaighfear fluairíd hidrigine:
 
:H<sub>2</sub>SiF<sub>6</sub> → 2 HF + SiF<sub>4</sub>
 
San imoibriú seo gheofar teitreafluairíd siliciam, agus is féidir tuilleadh fluairíde hidrigine a fháil tríd an teitreafluairíd a hidrealú (is é sin, trí na móilíní teitreafluairíde a bhriseadh le huisce):
 
:SiF<sub>4</sub> + 2 H<sub>2</sub>O → 4 HF + SiO<sub>2</sub>
 
{{Fréamh an Eolais}}