An difríocht idir athruithe ar: "Star Trek"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Star Trek portal logo.jpg|mion|388x388px]]
Is coincheap [[ficsean eolaíochta|ficsin eolaíochta]] é '''Star Trek''' (baineann Gaeilgeoirí úsáid as an leagan '''An Réaltaistear''' fosta) agus é deartha ag [[Gene Roddenberry]]. Ar dtús, ní raibh ann ach sraithscéal i stíl an [[ceoldráma spáis|cheoldráma spáis]], ach tharraing an [[Star Trek: The Original Series|chéad sraith]] an oiread sin airde i measc chairde an fhicsin eolaíochta is gur tháinig sraith bheoite, roinnt scannán agus sraithscéalta nua sna sála aici. Inniu, is cuid den phopchultúr idirnáisiúnta é an Réaltaistear, agus na daoine ag déanamh tagartha dó ar fud an domhain.
[[Íomhá:Galaxie Star Trek.jpg|mion|288x288px|réaltra Star Trek]]
 
== Coincheap an Réaltaistir ==
[[Íomhá:Star trek 2009.svg|mion|299x299px]]
[[Íomhá:STInBeauty.jpg|mion|An USS ''Enterprise'' (NCC 1701).]]Tá stáitse agus suíomh an Réaltaistir bunaithe ar choincheap dóchasach na todhchaí ina bhfuil an cine daonna tar éis an lámh in uachtar a fháil ar na fadhbanna atá dár gcrá faoi láthair, idir chiníochas, bhochtanas, thruailliú, éadulaingt, agus phiseoga, agus caidreamh againn le neachanna intleachtúla eile [[Bealach na Bó Finne|ár réaltra]]. Is iad muintir Chónaidhm Aontaithe na bPláinéad (Béarla: ''United Federation of Planets'') atá i gcroílár na n-imeachtaí, agus iad ag déanamh taighde ar an spás, ag fáil aithne ar chineálacha nua agus ag iarraidh síocháin agus comhthuiscint a chothú idir na cineálacha éagsúla. Cuireadh an misiún seo i bhfocail i dtús gach eipeasóide de chuid an chéad sraith mar seo:
 
“Is é an Spás iargúltacht na n-iargúltachtaí. Seo iad na turasanna a rinne an réaltlong úd Enterprise. Is é an misean cúig bliana a chuir sí roimpi ná aithne a fháil ar domhan nua aisteacha, beatha nua agus sibhialtachtaí nua a aimsiú agus aghaidh a thabhairt go cróga ar an áit nár tháinig aon duine roimpi.”
 
[[Íomhá:Star trek 2009.svg|mion|299x299px]]
Tá diminsin pholaitiúla ag dul leis an chéad sraith den Réaltaistear ar féidir cosúlachtaí a aithint orthu le fadhbanna comhaimseartha na Stát Aontaithe agus an domhain mhóir ar fad. Ó thaobh amháin de, rinneadh plé meafarach ar go leor acu sna sraithscéalta féin, ón taobh eile de, thug an tsraith le tuiscint go mbeadh na fadhbanna sin infhuascailte i ndiaidh an iomláin. Míníonn an dearcadh dóchasach seo cuid mhór den ghrá a thug na féachadóirí don Réaltaistear ón tús.
 
Line 14 ⟶ 15:
 
=== [[Star Trek: The Original Series]] ===
[[Íomhá:STInBeauty.jpg|deas|mion|250px|An USS ''Enterprise'' (NCC 1701).]]{{Main|Star Trek: The Original Series}}
Chuaigh an chéad eipeasóid den chéad sraith ar an aer ar an [[National Broadcasting Corporation|NBC]] ar an ochtú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1966, ach má chuaigh, bhí an eipeasóid chéanna feicthe ar an teilifís i g[[Ceanada]] cúpla lá roimhe sin cheana féin. B'é Gene Roddenberry a chum an coincheap, agus b'iad [[William Shatner]] (an Captaen James Tiberius Kirk), [[Leonard Nimoy]] (Spock) agus [[DeForest Kelley]] (an Dochtúir Leonard "Bones" McCoy) a rinne na príomhpháirteanna. Thairis sin, bhí róil thábhachtacha ag [[James Doohan]] (Montgomery "Scotty" Scott, fear na n-inneall), [[George Takei]] (Hikaru Sulu, fear an halmadóra), [[Nichelle Nichols]] (an Leifteanant Uhura), [[Majel Barrett]] (an banaltra Christine Chapel), agus [[Walter Koenig]] (an Loingseoir Pavel Chekov). Bhí an chéad sraith seo bunaithe ar eachtraí an [[Enterprise (Star Trek)|Enterprise]], na réaltloinge a bhí ag taisteal agus ag taighde an réaltra.
 
Line 24 ⟶ 25:
 
=== Star Trek: The Animated Series ===
[[Íomhá:Tas 1701 03.jpg|deas|mion|250px|An ''Enterprise'' mar a taispeánadh í san ''Animated Series''.]][[Íomhá:Star Trek costume - Romulan.jpg|mion|Romulan|295x295px]]Ní raibh de theideal ar an tsraith seo ach "Star Trek", ach an oiread, ach is gnách leis na móidíní inniu "Star Trek: The Animated Series" a thabhairt uirthi. Sraith bheoite a bhí ann nach ndearna na haisteoirí ach na guthanna uirthi. B'é an stiúideo úd ''Filmation Associates'' i Reseda, California, a léirigh na heipeasóidí, dhá cheann fichead acu ar fad, agus leathuair an chloig ama i ngach eipeasóid acu. B'iad aisteoirí an chéad sraithscéal a rinne a gcuid rólanna ar an tsraith bheoite chomh maith, amach ó Walter Koenig, nó níor cheadaigh an buiséad é a fhostú.
[[Íomhá:StarTrek TNG Logo Vector.svg|clé|mion]]
Bhí cúrsaí an airgid ar an gcloch is mó agus is troime ar phaidrín na léiritheoirí an t-am ar fad, agus ní raibh beochan na bpictiúirí féin ach den dara scoth. Ón taobh eile de, ós rud é gur beochan a bhí ann, ní raibh costas breise ar bith ag baint leis an bhfeistiú stáitse. Buíochas le comhoibriú scríbhneoirí maithe, d'éirigh leis na léiritheoirí cupla eipeasóid fíor-nótáilte a dhéanamh.
 
[[Íomhá:Star Trek costume - Romulan.jpg|mion|Romulan]]
Cé go bhfuair an tsraith bheoite formhuiniú ó [[Paramount Television]] ar dtús, ní dhearctar uirthi inniu mar chuid den chanóin ná den leanúnachas oifigiúil, ó tháinig ''Star Trek The Next Generation'' ar an bhfód. Ábhar conspóide é seo i measc na móidíní, nó tá cuid nach beag acu an-tugtha don tsraith bheoite. Ina dhiaidh sin féin, glacadh le giobóga áirithe ón tsraith bheoite mar chuid den chanóin oifigiúil, ar nós an ainm láir sin Tiberius ar James Kirk. Chualathas an chéad uair é ar an tsraith bheoite, ach ansin, baineadh úsáid as ar an scannán ''Star Trek VI: The Undiscovered Country''. Chonacthas eilimintí agus idéanna de chuid na sraithe beoite ar an tsraith úd ''Star Trek: Enterprise'' fosta. Tríd is tríd, siúd is nach dtugtar aitheantas don tsraith bheoite mar chuid den leanúnachas oifigiúil, bítear ag tarraingt uirthi mar fhoinse ábhair agus mianaigh. Tháinig an tsraith bheoite féin ar ais ar an teilifís i lár na n-ochtóidí ar an [[Nickelodeon]], agus taispeánadh ar an [[Sci-Fi Channel]] i dtús na nóchaidí í.
[[Íomhá:Leonard Nimoy 1975.jpg|clé|mion|Leonard Nimoy, 1975]]
Line 35 ⟶ 36:
 
=== Star Trek: The Next Generation ===
[[Íomhá:NCC-1701-D.jpg|deas|mion|250px|An USS ''Enterprise'' (NCC 1701-D).]]Tá an sraithscéal seo suite céad bliain níos deireanaí ná an chéad cheann, agus foireann nua ar bhord an Enterprise nua. Chuaigh an chéad eipeasóid ar an aer ar an ochtú lá fichead de Mhí Mheán Fómhair den bhliain 1987. Le bheith beacht, ní raibh ann ach an chéad leath den chéad eipeasóid a bhí dhá uair an chloig ar fad. D'fhan an tsraith ag rith ar fud seacht séasúr, go dtí gur chuir an eipeasóid deiridh úd ''All Good Things...'' clabhsúr léi ar an naoú lá fichead de Mhí na Bealtaine sa bhliain 1994. Rinneadh an tsraith le haghaidh sindeacáitiú ón tús, agus an-ghal ag na féachadóirí uirthi ón tús. Is iomaí móidín agus fiú gnáthfhéachadóir a ghlacann leis an ''ST:TNG'', mar a thugtar ar an tsraith i mbéarlagair na móidíní, gurb ionann í agus ré órga an Réaltaistir, nó tharraing an tsraith áirithe seo níos mó féachadóirí ná aon ionchollú eile de chuid an Réaltaistir ar an teilifís. Fuair Roddenberry bás nuair a bhí an tsraith seo ag imeacht. A fhad is a mhair sé, bhí tionchar gníomhach aige ar an dóigh a ndéanfaí í.
 
B'iad na haisteoirí sna príomhpháirteanna ná [[Patrick Stewart]] (an Captaen Jean-Luc Picard), [[Jonathan Frakes]] (an Ceannfort Will Riker), [[Brent Spiner]] (an Ceannfort Data, ríomhaire i gcló daonna), [[LeVar Burton]] (an Leifteanant Geordi La Forge, fear na n-inneall), [[Michael Dorn]] (an Leifteanant Worf), [[Gates McFadden]] (an Dochtúir Beverly Crusher), [[Marina Sirtis]] (an comhairleoir síceolaíoch Deanna Troi), [[Wil Wheaton]] (an Meirgire Wesley Crusher).
 
=== Star Trek: Deep Space Nine ===
[[Íomhá:Ds9.jpg|deas|mion|250px|An stáisiún spáis ''Deep Space Nine''.]]Bhí Roddenberry ag iompar na bhfód cheana nuair a cumadh coincheap na sraithe seo. Bhí ST:DS9 an-difriúil lenar tháinig roimpi, nó ní raibh an Enterprise ag taisteal an spáis a thuilleadh. Ina áit, cuireadh príomhlaoch na sraithe, Benjamin Sisko ([[Avery Brooks]]), ar bhord stáisiún spáis, Domhainspás a Naoi, le síocháin a chothú idir dhá shibhialtacht naimhdeacha, muintir an phláinéid úd Bajor agus na Cardaisiaigh. Bhí muintir Bhajor díreach tar éis iad féin a shaoradh ó bhráca na gCardaisiach, agus Sisko ina ionadaí agus ina idirghabhálaí idir an dá thaobh seo. Daoine, nó neacha daonchosúla, ó Bhajor ab ea bunús a chuid foirne, go háirithe an príomhlaoch eile, an Ceannfort Kira Nerys, iar-threallchogaí neirbhíseach a raibh na blianta fada caite aici ag cur catha ar na Cardaisiaigh. B'í [[Nana Visitor]] a rinne páirt Kira Nerys.
[[Íomhá:Louise Fletcher 1959.JPG|clé|mion|Louise Fletcher 1959]]
Bhí fealsúnacht na sraithe seo difriúil, ar bhealach, leis an dá shraithscéal a tháinig roimpi. In áit na síochána Útóipí, bhí an cogadh ina shíorbhagairt ar an stáisiún spáis, agus an sos cogaidh sobhriste idir Bajor agus na Cardaisiaigh ar tí titim as a chéile. Tháinig an reiligiún chun tosaigh mar théama sa tsraith seo chomh maith, ós rud é gur léiríodh muintir Bhajor mar dhream reiligiúnda, agus údarás nár bheag ag a gcuid cléireach, na ''Vedeks'', ina sochaí. Ní raibh an Vedek coimeádach úd Winn Adami, a raibh a páirt á déanamh ag [[Louise Fletcher]], sásta leis an ról a bhí ag Benjamin Sisko ar an stáisiún spáis, agus is iomaí eipeasóid sa tsraith a bhí bunaithe ar an teannas idir Vedek Winn agus Vedek Bareil Antos ([[Philip Anglim]]), fear séimh a raibh dearcadh níos forásaí aige. Bhí scéal grá aige freisin le Kira Nerys.
[[Íomhá:Rene Auberjonois by Beth Madison, 4.jpg|mion|René Auberjonois]]
Bhí fealsúnacht na sraithe seo difriúil, ar bhealach, leis an dá shraithscéal a tháinig roimpi. In áit na síochána Útóipí, bhí an cogadh ina shíorbhagairt ar an stáisiún spáis, agus an sos cogaidh sobhriste idir Bajor agus na Cardaisiaigh ar tí titim as a chéile. Tháinig an reiligiún chun tosaigh mar théama sa tsraith seo chomh maith, ós rud é gur léiríodh muintir Bhajor mar dhream reiligiúnda, agus údarás nár bheag ag a gcuid cléireach, na ''Vedeks'', ina sochaí. Ní raibh an Vedek coimeádach úd Winn Adami, a raibh a páirt á déanamh ag [[Louise Fletcher]], sásta leis an ról a bhí ag Benjamin Sisko ar an stáisiún spáis, agus is iomaí eipeasóid sa tsraith a bhí bunaithe ar an teannas idir Vedek Winn agus Vedek Bareil Antos ([[Philip Anglim]]), fear séimh a raibh dearcadh níos forásaí aige. Bhí scéal grá aige freisin le Kira Nerys.
[[Íomhá:Louise Fletcher 1959.JPG|clé|mion|Louise Fletcher 1959]]
Pearsa gan a leithéid eile ab ea Odo ([[René Auberjonois]]), áfach. Clómhalartán a bhí ann, is é sin, neach a bhí in ann dul i gcló na neachanna éagsúla ar fad. De ghnáth, áfach, ba rogha leis cuma leath daonna a choinneáil air féin, agus é ag breathnú mar shamhail de dhuine nach raibh ach cuntanós sceitseáilte air. Ó bhí sé neodrach i gcoimhlintí na neachanna daonchosúla, thit sé ar a chrann gnó an phóilín, an bhreithimh agus an idirghabhálaí a dhéanamh idir muintir Bhajor agus na Cardaisiaigh. I dtús an tsraithscéil, ní raibh aithne aige ar aon neach eile den chineál chéanna. Chaith sé a shaol i measc mhuintir Bhajor agus na gCardaisiach, ó b'iad a tháinig air an chéad uair sa spás, nuair nach raibh ciall ná tuiscint aige don tsaol go fóill. Eolaí Cardaisiach a thug suas é ansin. Ó nach raibh aon neach daonchosúil in ann é a mharú, bhí sé ábalta a neodracht a choinneáil nuair a bhí na Cardaisiaigh agus muintir Bhajor ag cur cogaidh ar a chéile.
[[Íomhá:Armin Shimerman by Beth Madison, 6.jpg|clé|mion|Armin Shimerman]]
Line 55 ⟶ 56:
 
=== Star Trek: Voyager ===
[[Íomhá:STVoyager.jpg|deas|mion|250px|An USS ''Voyager'' (NCC 74656).]]Spáslong ar strae ab ea an ''Voyager'', agus í ag iarraidh a bealach a dhéanamh abhaile arís. Mar sin, i ndiaidh an stáisiún spáis, tháinig an Réaltaistear ar ais ar bhord an spásárthaigh a bhí ag fáil aithne ar chiníocha is ar chineálacha nua. Bhí [[Kate Mulgrew]] ag déanamh ról an chaptaein Kathryn Janeway, arbh í an chéad bhean a bhí i gceannas ar spáslong iomlán riamh.<ref>{{Lua idirlín|url=https://ew.com/article/1995/01/20/star-trek-voyagers-first-female-captain/|teideal="Star Trek Voyager"'s first female captain|údar=Albert Kim Updated January 20, 1995 at 05:00 AM EST|language=en|work=EW.com|dátarochtana=2022-01-16}}</ref> Ach bhí Captaen Janeway ró-láidir agus tháinig laghdú ar aonlucht tsraithféachana dean chuidchláir. Tugadh isteach an RéaltaistirBorg 7/9 níos déanaí mar réalta ghnéasach, chun na fir sa lucht féachana a mhealladh.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.womenatwarp.com/25-years-after-voyager-lets-do-right-by-kathryn-janeway/|teideal=25 Years After Voyager, Let’s Do Right by Kathryn Janeway|dáta=2020-01-16|language=en-US|work=Women at Warp|dátarochtana=2022-01-16}}</ref>
 
I dtús na sraithe, bhí an Voyager ag iarraidh spáslong de chuid na gluaiseachta Maquis a stopadh. Chonacthas Maquis an chéad uair ar an tsraith úd ST:DS9. Go bunúsach, gluaiseacht frithbheartaíochta a bhí ann a d'eascair sna pláinéid nua-choilínithe a bhí ina gcnámh spairne idir na Cardaisiaigh agus Cónaidhm Aontaithe na bPláinéad. Bhí an Chónaidhm dírithe ar na pláinéid seo a ghéilleadh do na Cardaisiaigh, ach ní raibh na coilínithe sásta leis an gcinneadh seo. Mar sin, bhunaigh siad an ghluaiseacht frithbheartaíochta seo le cath a chur ar na Cardaisiaigh.
Line 66 ⟶ 67:
 
=== Star Trek: Enterprise ===
[[Íomhá:Enterprise NX-01 2001-01-300.jpg|deas|mion|250px|An SS ''Enterprise'' (NX-01).]]Bhí an tsraith seo ceaptha mar réamhstair do na cinn eile, agus na coincheapanna a bhí de ghlanmheabhraíocht ag móidíní an Réaltaistir, ní raibh siad ach á bhforbairt ar an tsraith seo. Bhí na Vulcánaigh ag cuidiú leis an gcine daonna an spás a thaisteal, ach má bhí féin, bhí siad den tuairim nach raibh na daoine in ann déanamh as dóibh féin go fóill, rud a chothaíodh coimhlint idir an dá chine. Sa chéad trí shéasúr léiritheoireachta, bhí cuid mhaith de na plotaí bunaithe ar "Chogadh Fuar an Ama". Bhí sórt comhcheilge, nó an ''Cabal'', ag iarraidh an stair a chur as a riocht. Ó bhí líon na bhféachadóirí ag titim, áfach, fuair na léiritheoirí riachtanach coincheap na sraithe a athrú agus namhaid nua, an cine úd Xindi, a thabhairt isteach. D'fhág an t-athrú seo blas níos láidre den [[Ceoldráma spáis|cheoldráma choinbhinsiúnta spáis]] ar an tsraith, ach má d'fhág féin, thaitin an t-athrú leis na féachadóirí.
[[Íomhá:Star-trek-enterprise-logo.png|clé|mion|150x150px]]
Mar sin féin, chinn an comhlacht teilifíse ar an tsraith a stopadh roimh an am pleanáilte. Chuir na móidíní go mór mór in aghaidh na comhairle seo, ach ní raibh gar ann. Chuaigh an chéad eipeasóid ar an aer ar an séú lá fichead de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain [[2001]], agus cuireadh clabhsúr uirthi ar an tríú lá déag de Mhí an Mheithimh sa bhliain [[2005]].
Line 110 ⟶ 111:
 
=== Star Trek: First Contact (1996) ===
[[Íomhá:Póstaer_STFC.jpg|clé|100px]] [[Íomhá:NCC-1701-E.jpg|deas|mion|175px177x177px|An ''Enterprise E'' as na scannáin ''First Contact'', ''Insurrection'' agus ''Nemesis''.]]
Sa scannán seo, rinne na Borg, na róbait dhaonna, ionradh ar an gCónaidhm. Is é an cineál dream atá i gceist leis na Borg ná daoine a bhfuil gléasra leictreonach curtha leo, agus iad nasctha dá chéile i gcruth is nach bhfuil intinn dhaonna ná indibhidiúlacht fágtha ag aon duine acu - "intinn coirceoige" atá ann. Tá siad dírithe ar na daoine agus na neachanna daonchosúla a chastar orthu a nascadh den intinn coirceoige chomh maith, nó a "chomhshamhlú", mar a deir siad féin. "Ní fiú cur inár n-aghaidh, comhshamhlófar thú chomh maith le duine" - sin é an nath a chluinfeá acu.
 
Line 116 ⟶ 117:
 
=== Star Trek: Insurrection (1998) ===
[[Íomhá:Póstaer_STINS.jpg|deas|100px268x268px]]
Sa scannán seo, chuaigh Picard agus a chriú ar cuairt ar Ba'ku, áit a rabhthas ag déanamh taighde ar shaol na mbundúchasach. Bhí saol sona ag muintir Ba'ku, toisc go raibh siad á gcoinneáil óg aerach ag an gcineál radaíochta a bhí ar fáil ar a bpláinéad. Fuair Picard boladh de chomhcheilg a bhí meáite ar bhuntáiste a ghlacadh ar an radaíocht seo agus muintir an phláinéid a athrú go dtí áit éigin eile.
 
Line 127 ⟶ 128:
 
== Tábhacht agus Tionchar an Réaltaistir ==
[[Íomhá:Star Trek Hilton.jpg|mion|288x288px]]
Tá sé sábháilte a rá go bhfuil an Réaltaistear ar an dráma teilifíse is mó a d'imir tionchar ar an gcultúr comhaimseartha. Tháinig an chéad sraith ar an aer thiar sna seascaidí, agus ó shin i leith, léiríodh ceithre shraith eile agus deich bpríomhscannán. Thairis sin, tá gach sórt seachtháirgí ann ó ríomhchluichí go bréagáin, agus coincheap an Réaltaistir iompaithe ina thionscal. D'fhéach léiritheoirí eile le haithris a dhéanamh ar an Réaltaistear, ach ní raibh siad in ann é a dhearscnamh, cé go raibh ceann, ar a laghad, dá gcuid iarrachtaí - [[Babylon 5]] - níos fearr ná an Réaltaistear féin, dar le cuid mhaith léirmheastóirí. Bhí ag éirí le George Lucas ar feadh tamaill, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, rug an Réaltaistear bua ar Chogadh na Réaltaí.
[[Íomhá:GeneLeonard roddenberryNimoy 1976Mr. croppedSpock Star Trek.jpg|cléJPG|mion|309x309px|GeneLeonard Roddenberry,Nimoy Mr. 1976Spock]]
Dhíol Gene Roddenberry an Réaltaistear leis an NBC mar shórt eachtra ón Iarthar Fiáin, ach amháin go raibh sé suite sa spás. Theastaigh uaidh scéalta sofaisticiúla a insint a mbeadh baint acu leis an saol comhaimseartha, agus iad sáite i bhfráma na todhchaí. Bheadh fadhbanna an tsaoil chomhaimseartha le haithint ar an dráma freisin, ach san am céanna, bheadh dearcadh dóchasach, daonnachtúil á chur chun tosaigh mar leigheas. Maidir leis an nath sin "aghaidh a thabhairt go cróga ar an áit nach ndeachaigh aon duine roimhe seo", tháinig sé beagnach neamhathraithe ó bhilleog a d'eisigh an Teach Bán i ndiaidh do na Rúisigh an chéad satailít de dhéantús daonna - Sputnik - a chur ag timpeallú an Domhain, thiar sa bhliain [[1957]]. Bhí na "triúraithe" - Kirk, Spock, agus McCoy - bunaithe ar mhúnlaí clasaiceacha na scéalaíochta miotasúla. Ghlac Roddenberry seasamh sna coimhlintí comhaimseartha cine freisin, nuair a chuir sé criú ildaite ar bhord an Enterprise, agus é ag áitiú ar an bhféachadóir go mbeadh na fadhbanna seo inleigheasta freisin i saol réasúnach, eolaíochtúil na todhchaí.
Cé go raibh drámaí ficsin eolaíochta eile ar an teilifís ag an am, bhí an Réaltaistear an-difriúil leis an gcuid eile acu, ó bhí sé dírithe ar na daoine fásta, agus é ag insint scéalta casta a raibh teagasc morálta ag baint leo. Nuair a chuaigh an tsraith ar an aer an chéad uair, ní raibh an comhlacht teilifíse sásta le líon na bhféachadóirí, agus murach gur chrom na móidíní ar litreacha a scríobh chuig an gcomhlacht, bheadh deireadh curtha leis an tsraith i ndiaidh an dara séasúr cheana féin. Bhí an NBC sásta an tríú séasúr léiritheoireachta a dhéanamh, ach ansin, cuireadh an Réaltaistear in áit mhíchompordach ar sceideal na gcláracha, agus chaill sé an oiread féachadóirí is gur éirigh an NBC as i ndiaidh an tríú séasúr. Ina dhiaidh sin, áfach, siondacáitíodh an tsraith - is é sin, dhíol an NBC le stáisiúin teilifíse eile í. B'ansin a thosaigh cultas an Réaltaistir ag forbairt.[[Íomhá:Gene roddenberry 1976 cropped.jpg|clé|mion|Gene Roddenberry, 1976]]
[[Íomhá:Leonard Nimoy Mr. Spock Star Trek.JPG|mion|308x308px|Leonard Nimoy Mr. Spock]]
Cé go raibh drámaí ficsin eolaíochta eile ar an teilifís ag an am, bhí an Réaltaistear an-difriúil leis an gcuid eile acu, ó bhí sé dírithe ar na daoine fásta, agus é ag insint scéalta casta a raibh teagasc morálta ag baint leo. Nuair a chuaigh an tsraith ar an aer an chéad uair, ní raibh an comhlacht teilifíse sásta le líon na bhféachadóirí, agus murach gur chrom na móidíní ar litreacha a scríobh chuig an gcomhlacht, bheadh deireadh curtha leis an tsraith i ndiaidh an dara séasúr cheana féin. Bhí an NBC sásta an tríú séasúr léiritheoireachta a dhéanamh, ach ansin, cuireadh an Réaltaistear in áit mhíchompordach ar sceideal na gcláracha, agus chaill sé an oiread féachadóirí is gur éirigh an NBC as i ndiaidh an tríú séasúr. Ina dhiaidh sin, áfach, siondacáitíodh an tsraith - is é sin, dhíol an NBC le stáisiúin teilifíse eile í. B'ansin a thosaigh cultas an Réaltaistir ag forbairt.
 
== Féach freisin ==